I Sráid an Iarla, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, a rugadh an scoláire Gaeilge seo ar 26 Márta 1907. Siopadóir mór a athair Patrick W. Shaw, arbh é cathaoirleach na gCoimisinéirí Baile é. Fear saibhir ba ea é agus fear mór spóirt: bhí capaill ráis aige agus bhuaigh sé uair craobh na hÉireann sa lámhach crécholúr. Toghadh é ina TD thar ceann Chumann na nGaedheal 1923–32. Dar le cuntas amháin go raibh sé ina fheisire Réamonnach ach níl a ainm in Dod’s Parliamentary Companion 1903–18 agus ní luaitear sna cuntais nuachtáin i ndiaidh a bháis ar 14 Meán Fómhair 1940 go raibh sé riamh ina MP. Minnie Galligan ab ainm don mháthair. Faoi 1911 bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu agus ba é Francis an ceathrú páiste díobh. Bhí dhá shiopa mhóra sa Mhuileann gCearr ag dhá chlann dar sloinne Shaw. Ba iad an fhoireann a bhí ina gcónaí os cionn shiopa Phádraig Shaw oíche Dhaonáireamh 1911 seisear cúntóirí, cléireach agus bainisteoirí. Connachtaigh iad go léir agus is inspéise go raibh Gaeilge ag a bhformhór mór, más fíor do thuairise an Daonáirimh.

Cuireadh Francis chuig Scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr ar dtús agus ansin chuig na Cairmilítigh i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh i 1924 agus fuair céim sa léann Ceilteach 1929 tar éis cúrsa staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé céim mháistir agus scoláireacht taistil an bhliain dár gcionn. Bhí sé dhá bhliain i mbun staidéir ar an bhfealsúnacht san Ignatius Kolleg in Valkenburg na hOllainne sular thug sé a aghaidh ar Bhonn chun bheith ag staidéar faoi Thurneysen. Ach thit sé i ndrochshláinte tar éis bliana agus d’fhill ar Éirinn. Bhí sé ina mhac léinn taighde sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar feadh 1933–36. Rinne sé staidéar ar an diagacht i bPáirc an Mhuilinn 1936 agus oirníodh é trí bliana ina dhiaidh sin.

I 1941 ceapadh é ina ollamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge i gcomharbacht ar a sheanmháistir Osborn Bergin. Ó 1964 amach bhí sé ina Dhéan ar Dháimh an Léinn Cheiltigh. Bhí sé ag feidhmiú mar uachtarán ar an gColáiste an bhliain chéanna sin. Bhí tamall maith caite aige mar bhall den bhord stiúrtha. Bhí sé ina eagarthóir tamall ar Irish Ecclesiastical Record. D’éag sé 23 Nollaig 1970.

Tá clár a shaothair ag Proínséas Ní Chatháin in Studies LX, Summer 1971. Is é eagarthóir Aislinge Oengusa, 1934 é. Scríobh sé aistí substaintiúla ar ghnéithe den luathstair agus den litríocht. Naomh Pádraig gné amháin díobh. Is paimfléad The Real St Patrick agus scríobh sé cuid mhaith aistí i dtaobh an naoimh a bhfuil tábhacht ag baint leo.

B’fhéidir gurbh i gcúrsaí leighis i measc na sean-Ghael is mó a bhí spéis aige. D’fhoilsigh sé roinnt aistí tábhachtacha ach níor éirigh leis bailchríoch a chur ar a mhórshaothar faoi na cúrsaí sin. Deireadh sé, agus iarracht den doilíos sa ghreann aige, nach raibh uair dá raibh sé ullamh chun na hábhair leighis aige a tharraingt le chéile nár tugadh isteach san ospidéal é. In Seven centuries of Irish learning, 1961, in eagar ag Brian Ó Cuív, tá a léacht Dáibhiseach ‘Irish medical men and philosophers’ agus in What’s past is prologue, 1952 tá ‘Medicine in Ireland in medieval times’.

Rinne sé staidéar freisin ar thithe (féach Archaeological News-letter, iv, No 5, 73, 1952), ar éadach (caibidil a dó in Old Highland and Irish dress, 1950 le H. F. McClintock), agus ar spioradáltacht na sean-Ghael. Agus bhí spéis ar leith aige i Caspar Zeuss. Bhronn sé cóip den Grammatica Celtica ar mhuintir Kronach, baile dúchais Zeuss. Tá aiste aige i dtaobh an scoláire mhóir in Studies, XLIII, 1954 agus tá a aiste ar chúlra Grammatica Celtica in Celtica III, 1956.

Cé go raibh sé drochshláinteach ar feadh a shaoil chuireadh sé spéis mhór i gcúrsaí spóirt. ‘In one so frail his sporting activities were a source of wonder and admiration’, deir Proinséas Ní Chatháin in Studia Celtica, 1972. Agus in Lochlann, Vol VI, 1974 deir sí: ‘He was a keen sportsman who loved the open air and when his health allowed he went back to his native lake country or down to the west for recreation. Back in Dublin his delight was to discourse on the dinnshenchas of the fields and rivers he had crossed in his travels’.

Tagraíonn Proínséas Ní Chatháin freisin dá thobainne a théadh sé i mbun pinn. Is dóigh gurb í an aiste a scríobh sé i 1966 faoi Éirí Amach 1916 is mó atá i gceist aici. Dhiúltaigh Studies glacadh léi. Shíl siad í a bheith róchonspóideach agus míthráthúil, tharla iubhaile an Éirí Amach bheith á chomóradh. Ach ansin d’fhoilsigh siad an aiste samhradh 1972. Shíl Ruth Dudley Edwards, beathaisnéisí an Phiarsaigh, go raibh caint Shaw i dtaobh an Phiarsaigh ainmheasartha (clár raidió Luan Cásca 31 Márta 1986). Pléann Pádraig Ó Snodaigh, staraí, aiste Shaw in Two godfathers of revisionism: 1916 in the revisionist canon, 1992, agus in Comhar, Eanáir 1989.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú