Bhí sé ar an duine ba mhó sa 19ú haois a rinne staidéar ar bheathaí naoimh na hÉireann agus ar stair na nÉireannach i Meiriceá.

Sa Sráidbhaile, Co. Laoise, a rugadh é ar 30 Aibreán 1821. Edward agus Honor Hanlon a bhí ar a thuismitheoirí. Tar éis oideachais sa Sráidbhaile agus i mBaile Átha an Róine chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Ceatharlach, mar ábhar sagairt in 1840. Ach cúpla bliain ina dhiaidh sin chinn a mhuintir ar dhul go Meiriceá agus chuaigh sé in éineacht leo. Nuair a d’éag an t-athair b’éigean dó dul ag obair ar ghaltán. Sin é an chaoi ar tharla i Missouri é. D’fheiceadh méara na cathrach é ag an aifreann gach maidin agus nuair a chuala sé a scéal d’íoc sé costais na cliarscoile. Oirníodh é tuairim 1847/8. Bhí tarraingt na mílte de bhochtáin na hÉireann ar St Louis ag an am agus fuair sé cabhair fhial airgid óna chara, méara na cathrach, chun tarrthála orthu.

Foilsíodh a chéad leabhar thall, An abridgement of the history of Ireland, 1849. In 1851 chuir sé The Irish emigrant’s guide for the United States ar fáil. Foilsíodh eagrán nua i mBaile Átha Cliath in 1890.

In 1853 bhí broincíteas go dona air agus shíl dochtúirí gur ghairid eile a mhairfeadh sé. Thainig sé abhaile go hÉirinn le bás a fháil. Ach bhí saol fada agus saothar mór roimhe amach. Bhí dualgais sagairt le déanamh aige anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath sular ceapadh é ina shagart paróiste i nDumhach Thrá in 1880.

Chloiseadh sé an Ghaeilge ina óige mar theanga choitianta sa teach inar tógadh é. Ach ní raibh sí go líofa aige. ‘A literary Gael’ a thugadh sé air féin. Bhí baint mhór aige leis an gCumann Oisíneach, é ina rúnaí acu, agus bhí sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Ba é a mhol don Ardeaspag Breathnach gurbh fhiú ceachta simplí Uí Ghramhna a fhoilsiú in Weekly Freeman. Nuair a bunaíodh Craobh Réalt na Mara de Chonradh na Gaeilge ba é a toghadh ina uachtarán, gradam a bhí aige go bhfuair sé bás 15 Bealtaine 1905. Bhí sé ar an bhfíorbheagán a raibh baint acu leis na cumainn teanga go léir ó lár an 19ú haois amach. Thug sé léacht 5 Nollaig 1902 i dtaobh a chaidrimh ar George Petrie do bhaill a chraoibhe féin i nDumhach Thrá. ‘It is a sign of the historical accuracy of the Gaelic League movement that the friend of these scholars [Petrie, an Donnabhánach, Ó Comhraíet al.], the “Lageniensis” of the Nation of the time of Davis, the Secretary of the Ossianic Society, the writer of monumental works of Irish history, should now, in spite of years and ill-health, be a constant attendant at the classes of the League, an invaluable counsellor and generous assistant to the new generation of workers for Ireland’ (An Claidheamh Soluis, 13 Nollaig 1902).

Scríobh sé cuid mhaith leabhar, idir naomhsheanchas, fhilíocht (faoin ainm pinn ‘Lageniensis’), stair, agus bhéaloideas. Is é a magnum opus gan amhras Lives of the Irish saints. Chaith sé scór bliain ag bailiú eolais in Éirinn agus thar lear agus ansin, ag tosú in 1875, foilsíodh deich n-imleabhar de na beathaí i bhfoirm féilire. Fágadh míonna na Samhna agus na Nollag gan foilsiú. Deirtear gur ar bhlúiríní páipéir, ticéid traim agus a leithéidí, a bhreacadh sé nótaí. I 1903 a foilsíodh a Irish-American history of the United States. Leabhar mór toirtiúil é. Cailleadh an lámhscríbhinn sa dóiteán mór i gclólann Sealy, Bryers & Walker in 1898 agus b’éigean dó é a scríobh arís.

Foilsíodh an chéad chuid dá History of the Queen’s county i 1907 agus an dara cuid i 1914.

Tá cuntais ar a bheatha is a shaothar in: Irish Book Lover, Nollaig 1921: Irish Monthly, Iúil 1915; Irish Ecclesiastical Record, Eanáir 1947, Deireadh Fómhair 1955. Luaitear a ainm go han-mhinic in Ulysses, sa chaibidil faoi Gerty McDowell agus Dumhach Thrá.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú