I mBéal Feirste a rugadh John Campbell McErlean ar 15 Feabhra 1870. Cléireach dlí ba ea a athair Andrew ag an am; cháiligh sé mar aturnae ina dhiaidh sin; d’fhreastalaíodh sé ar chruinnithe Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste sna 1890idí. Eliza Campbell ab ainm do mháthair Eoin. Ag 5 Sráid Naomh Pól a bhí cónaí orthu. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhaolmhaodhóg cheangail sé le Cumann Íosa agus rinne a nóibhíseacht sa Tulaigh Bheag. Bhain sé an chéim BA (An Ollscoil Ríoga) amach in 1892 sula ndeachaigh chun na Mór-Roinne mar ar chaith sé trí bliana i mbun na fealsúnachta scolaí. Nuair a d’fhill sé is ag obair i gcoláistí na nÍosánach a bhí sé. Bhí eolas cuíosach maith aige ar an nGaeilge chomh luath le 1888. Chaith sé tamall de laethanta i Reachlainn an bhliain sin agus scríobh síos abairtí agus téarmaí agus d’éist le hamhráin agus scéalta (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Nollaig 1895). Glacadh leis mar bhall d’Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge i nDeireadh Fómhair 1899. Bhí sé ar dhuine de chosantóirí na Gaeilge a chuir meamraim faoi bhráid Choimisiún an Mheánoideachais in 1899. Bhí sé ina bhall de Choiste an Litrithe ag an gConradh i 1900.

Casadh an tAthair Pádraig Ó Duinnín air i gCoill Chluana Gabhann roimhe sin. Deir Ó Céileachair agus Ó Conluain: ‘De réir mar is feidir linn a dhéanamh amach, ba fhear amháin go háirithe ba chionnsiocair le spéis ghníomhach an Duinnínigh a mhúscailt sa Ghaeilge. Ba é sin an tAthair Eoin Cathmhaolach Mac Fhir Léinn ...’ (An Duinníneach, 1958). Bhí sé ag taighde i gcóir a eagráin de dhánta Sheathrúin Céitinn agus shiúladh sé go dtí Maigh Nuad chun lámhscríbhinní a cheadú agus ba mhinic a thugadh sé an Duinníneach in éineacht leis. D’fhoilsigh Conradh na GaeilgeDánta, amhráin is caointe Sheathrúin Chéitinn i 1900. ‘Fearadh na mílte fáilte roimh an leabhar óir bhí gorta litríochta sa teanga dúchais ag goilliúint ar Ghaeilgeoirí ó thús na hathbheochana’ (idem). Thug a athair 25 cóip saor in aisce do choiste Fheis Uladh 29 Meán Fómhair 1900. An bhliain chéanna sin tháinig Luibhleabhrán amach. Bhí cabhair tugtha aige féin agus ag Seán Ó hÓgáin don Athair Éamonn Ó hÓgáin lena ullmhú. Bheadh Eoin agus a dheartháir Charles ina mbaill den meitheal a chabhródh ar ball leis an Ógánach chun a mhórshaothar Onomasticon Goedelicum ... an index with identifications, to the Gaelic names of places and tribes, 1910 a thabhairt amach.

Oirníodh ina shagart é 1904 agus chaith sé bliain i mBarcelona timpeall an ama sin. Ar fhilleadh dó is ea a thosaigh sé ag obair ar a eagrán de dhánta Uí Bhruadair do Chumann na Scríbheann Gaeilge. Foilsíodh trí imleabhar de Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair idir 1910 agus 1917. Faoi chúrsaí creidimh scríobh sé The Sodality of the Blessed Virgin Mary in Ireland, 1928 agus Whither goest thou? or Was Fr Mathew right? (g.d.). Bhí aistí i gcló aige in Studies, Irish Monthly,Irish Ecclesiastical Review, New Ireland Review ....

Chaith sé cúpla bliain i leabharlanna na hIodáile, na Portaingéile agus na Spáinne ag déanamh taighde ar an gcaidreamh a bhí ag an Spáinn le hÉirinn, agus ar stair Chumann Íosa.

D’éag sé 24 Márta 1950 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Ba dheartháir leis freisin an Dr D.A. McErlean, cróinéir cathrach Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú