‘What impressed those of us who worked alongside Seán Mac Airt at Queen’s was above all his great kindness in laying everything aside when we asked for his help with references from his vast knowledge of the Irish annals. Although he carried a heavy burden of teaching duties his primary devotion was to research’ (Athfhriotal ar Estyn Evans in Ulster Folklife, Vol 5 1959).

Ar 16 Bealtaine 1918 a rugadh Seán Mac Airt sa Phríomhshráid, An Céide, Co. Ard Mhacha. Bhí siopa crua-earraí ag a athair James Arthurs. Mary Agnes Nugent a mháthair agus ba uncail di siúd an tAthair Cornelius Short, bailitheoir seanchais agus scoláire Gaeilge a d’éag 1925; bhí cuid dár bhailigh sé i gcló ag Éamonn Ó Tuathail in Scéalta Mhuintir Luinigh, 1933. Chuaigh triúr deartháireacha Sheáin le sagartacht agus rinne easpag de dhuine díobh.

Chothaigh Bráithre de la Salle a spéis sa Ghaeilge sa bhunscoil. Thug an chéad áit sa scéim scoláireachtaí é go Coláiste Phádraig, Ard Mhacha. Faoin scoláire mór Michéal Ó Briain a rinne sé staidéar in Ollscoil na Ríona. Bhuaigh sé scoláireacht taistil 1939. I 1941 bhain sé céim mháistir amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, lena thráchtas ‘The verbal system of bardic poetry’. Fuair sé post ollaimh shóisearaigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 1942 agus post ollaimh 1945. D’fhill sé ar Choláiste na Ríona trí bliana ina dhiaidh sin agus ceapadh i gceannas Roinn na Ceiltise é an bhliaín chéanna. Rinne léachtóir sinsearach de 1954. Rinne sé iarracht ar leith ar spéis an phobail i ngnéithe den léann Gaelach a mhúscailt.

Chuir sé eagar ar Leabhar Branach, 1944. An bhliain chéanna sin chuir sé innéacs ainmneacha daoine agus áiteanna le Annals of Connaught a bhí in eagar ag A. M. Freeman. I 1951 chuir sé eagar ar Annals of Inisfallen. Dar le Proinsias Mac Cana gurbh é a eagrán de The Annals of Ulster an saothar ba thábhachtaí dár thug sé faoi (Études Celtiques Vol IX Fasc. I 1960). Chuir Gearóid Mac Niocaill críoch ar an obair agus foilsíodh é 1983.

Ó 1948 i leith bhíodh ailt aige go minic in An tUltach. Bhí aistí i gcló aige in Celtica, Fearsaid, Études Celtiques, Donegal Annual, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Folklife .... Tá léiriú ar a inniúlacht mar eagarthóir ar fhilíocht na meánaoiseanna le fáil i gcuid den ábhar foilsithe sin. Gheofar liosta a shaothair fhairsing, le Rolf Baumgarten, in Bibliography of Irish printed literature 1941–1971.

Ba é ba mhó faoi deara Cumann Logainmneacha Uladh a bhunú 1952. Bhí sé ina eagarthóir ar Bulletin of the Ulster Place-Name Society agus is ann a bhí sraith alt aige ar logainmneacha Ard Mhacha. Chuir sé eagar in Béaloideas ar roinnt de na scéalta i mBéarla agus i nGaeilge a bhí bailithe ag a sheanuncail sa Charraig Mhóir, Co. Thír Eoghain, i 1906–12. Bhí leabhar ar ghnéithe den logainmníocht idir lámha aige, chomh maith le foclóir de Ghaeilge Uladh.

Ba mhór an spéis a bhí aige sa Ghaeilge bheo agus théadh sé go minic go dtí Gaeltacht Dhún na nGall. Théadh sé chuig cluichí peile agus iomána ar fud Chúige Uladh – bhí deartháir leis ina rúnaí ar Chomhairle Uladh de Chumann Lúthchleas Gael.

Cé go raibh sé tinn le tamall níor stop sé den obair agus d’éag sé in Ospidéal Pháirc Musgrave i mBéal Feirste 19 Meitheamh 1959. Is é a dúradh in Éigse Iml. IX 1958–61: ‘There is no doubt that, given a normal span of life, Mac Airt would have enhanced his reputation considerably by further researches and publications’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú