Tá eolas ar a bheatha ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Uimhir 5, Márta 1992; ag Kim McCone in Léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997; in Dáithí Ó hUaithne: cuimhní cairde (1994) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe agus Proinsias Mac Aonghusa; ag Breandán Ó Buachalla in Scríobh 5, 1981; ag Proinsias Mac Cana in Ériu xxxiv, 1983; in DIB ag Diarmaid Ferriter; ag Seán Mac Réamoinn in Comhar, Iúil 1981, alt a bhaineann go háirithe leis an bpáirt a bhí aige i bhforbairt na hirise sin.

Ba é an duine ba shuntasaí é den ghlúin nua d’ardscoláirí Gaeilge a bhí ag tacú go hiomlán le gluaiseacht athbheochan na teanga. Mar gheall ar a phearsantacht (‘oilimpeach’ an cur síos a rinne Seán Ó Ríordáin air uair agus úsáidtear freisin ‘boihéimeach’ ag tagairt do bhlianta a óige), ar a chruth, agus cúlra a mhuintire, ba mhó ba dhíol suntais é ná aon duine dá chomhghleacaithe in earnail léann na Gaeilge. Dúirt Proinsias Mac Cana: ‘He was not the kind of man to pass unnoticed in any company – his mere physical presence, his resonant voice and forceful personality would have ensured otherwise ...’ Nósanna éagsúlacha a bhain leis a ghile agus a ildathaí a bhí a chuid éadaí, agus go gcaitheadh sé snaois. Bhí dochtúireachtaí oinigh aige ó Ollscoil na hÉireann, ó Ollscoil Ghlaschú agus ó Ollscoil Uladh.

Dúirt Breandán Ó Buachalla:

Ní chuirfeadsa fiacal ann: chomh fada agus a bhaineann liomsa, b’é príomhscoláire Gaeilge a linne féin é gan dabht, agus is áirithe liom go n-áireofar fós ar cheann de mhórscoláiri na haoise seo é, duine den bhfíorbheagán acu a raibh cáil idirnáisiúnta dáiríre air.

Dúirt Calvert Walkins, Ollamh na Teangeolaíochta in Harvard, i léacht ag Scoil Shamhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath in 1981:

Across the past four decades, no other scholar has explained so much of the Irish language so well. No other scholar has made so many enduring contributions and additions to our understanding of that language, old and modern .... He was Ireland’s greatest linguist.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é, i dteach banaltrais Denmark ag 21 Sráid na Danmhairge Mhór ar 22 Deireadh Fómhair 1915. Ba é seoladh a athar, David Wilson Greene, ag an am sin King’s Head Hotel, Richmond, Londain. ‘Salesman’ an cur síos atá ar a shlí bheatha sa teastas breithe. Pósadh eisean agus máthair Dháithí, Edith Young, arbh iníon í le George Young, ceannaí, san Union Chapel i mBaile Átha Cliath de réir fhoirm agus disciplín na hEaglaise Preispitéirí ar 27 Nollaig 1913. ‘Larkfield Ave, Surrey, England’ an seoladh uireasach aigesean sa teastas pósta. Cléireach ba ea é ag an am agus ceannaí ba ea a athair. Rachadh David Wilson Greene isteach san arm ar ball agus gheobhadh bás den fhliú roimh dheireadh an chogaidh. Cé gur náisiúnaí ba ea Dáithí faoin am a bhí sé ina mhac léinn ollscoile, ní dhearmadadh sé an poipín a chaitheamh ar 11 Samhain.

D’éag Edith Greene, máthair Dháithí ar 14 Bealtaine 1919. ‘Army lieuteanant’s widow’ an cur síos atá ar a slí bheatha sa teastas báis, cé go bhfuil tuairim dhoiléir ann go raibh post múinteora aici sa choláiste deoiseach atá nasctha ó shin le The High School, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Ag 139 Ascaill Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, a d’éag sí. A deartháir James A. Young, a raibh cónaí air sa teach sin, a thug eolas a báis don chláraitheoir. Is sa teach céanna sin a bhí clann Young in 1908 de réir eolaire Thom. Aontachtaithe de bhunadh an Tuaiscirt ba ea iad. I nDaonáireamh 1901 bhí ceathrar deartháracha agus beirt deirfiúracha, iad go léir fásta suas, agus a n-athair George ina gcónaí sa teach in Ascaill Ráth Garbh. I ngnó iarna agus crua-earraí George Young Ltd, Sráid na Mainistreach Láir, a bhí na fir go léir ag obair ach ní luaitear aon cheird leis an mbeirt iníonacha. James a bhí i gceannas an ghnó in 1911 agus eisean a bhí mar chaomhnóir ag Dáithí, dar leis na taifid i gColáiste Naomh Aindriú. Bhí tuairim ag Dáithí go raibh sé ina bhall den Ord Oráisteach tráth. Bhí sé ina chónaí ag 11 Ardán Chonnacht, Ascaill Garville, Ráth Garbh, in 1926.

Le Preispitéireachas a tógadh an buachaill óg ach ag pointe éigin ina shaol cheangail sé le Cumann na gCarad. D’fhan sáreolas aige ar an mBíobla agus ardchion aige air.

Bhí sé ag freastal ar scoil bheag i Ráth Garbh go dtí gur thosaigh sé i gColáiste Naomh Aindriú Meán Fómhair 1926. Múinteoir aige ann ba ea Seán Óg Caomhánach nó Seán a’ Chóta. Toisc, b’fhéidir, gan athair a bheith aige a tháinig Dáithí go mór faoi anáil a phearsantachta. Ba é an Cóta a bhaist ‘Ó hUaithne’ air. Is uaidh gan amhras a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus is leis a chuaigh sé siar agus é fós sna luathdhéaga go dtí Dún Chaoin. Ba chuimhin le cuid dá chairde go gcaitheadh sé an filleadh beag agus b’fhéidir gur ag cuimhneamh a bhí sé ar an gcaoi a bhfuair Seán a’ Chóta a leasainm.

Bhuaigh sé scoláireacht iontrála go Coláiste na Tríonóide in 1933. Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach ann agus ar dhuine díobh sin a bhunaigh an Comhchaidreamh. Bhí sé ina chisteoir tamall ag an eagraíocht agus ina leasuachtarán ag an am céanna. Fuair sé an BA le céad onóracha sa Ghaeilge agus san Fhraincis in 1937 agus ghnóthaigh scoláireacht taistil. Chinn sé ar dhul go hOsló mar a raibh Marstrander, Sommerfelt agus Borgstrom. Má bhí Seán a’ Chóta mar athair altrama aige ba é Carl Marstrander an dara haltramaí. Cuid mhaith dá ndúirt sé agus é ag moladh Marstrander tar éis a bháis b’fhéidir é a thagairt dó féin. An fhealsúnacht scoláireachta a bhí aige de bharr na tréimhse san Iorua bhí sé ag teacht lena phearsantacht féin sa mhéid nárbh é an cruinneas amháin, dá thábhachtaí aige é, tús agus deireadh na scoláireachta aige. Níorbh í eagla na mbotún a chuirfeadh dá bhuille é in cibé rud a bhí idir lámha aige.

Nuair a d’fhill sé abhaile bhí sé ina chúntóir sealadach i Roinn na Ceiltise i gColáiste na Tríonóide. Phós sé Sheila May, aisteoir, deirfiúr leis an gcumadóir Freddie May. Rugadh iníon dóibh. Scríobh siad i bpáirtíocht le chéile an dráma, An dealbh, a léirigh an Comhar Drámaíochta (Comhar, Meitheamh 1942). Duaisiarracht Oireachtais ba ea é.

Bhí sé ina léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú in 1939/40. Bhí sé i dteideal fanacht sa phost ar feadh dhá bhliain sula gcoinscríobhfaí é ach tháinig sé abhaile i gceann bliana. Ní hamháin go raibh sé ina bhall de Chumann na gCarad ach bhí creideamh láidir aige sa neodracht. I ndiaidh tamaill ghairid ag obair ar fhoclóir na Sean-Ghaeilge san Acadamh Ríoga fuair sé post mar Leabharlannaí Cúnta sa Leabharlann Náisiúnta agus d’fhan sa phost sin go dtí 1948.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Comhar i 1942, é ina bhall den choiste eagarthóireachta, agus scríobhadh sé ann colún cúrsaí reatha faoin ainm pinn ‘Aithirne.’ Cuimhnítear go háirithe ar ráiteas láidir ann nuair ab éigean do Nollaig de Brún éirí as a phost mar Aire Sláinte i mí Aibreáin 1951. Bhí Dáithí ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre – bhí a bhean Sheila May ina ball de choiste stiúrtha an pháirtí – ach d’fhág sé é ag an bpointe sin agus ní cheanglódh le haon pháirtí feasta. Sóisialach agus náisiúnaí láidir ba ea é ach ní raibh sé tugtha don dogmachas.

Ó 1948 go 1953 bhí sé ina ollamh cúnta in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus ina ollamh ann ó 1953 go 1955. San alt sin ag Máirtín Ó Murchú tá fótachóip i gcló d’fhoirm iarratais Uí Uaithne i 1941 ar phost san Institiúid. Deir Ó Murchú:

On this evidence, the name of David Greene must be added to the list of promising young scholars who failed to overcome T. F. O’Rahilly’s reluctance to recruit junior staff. The application states David Greene’s research interests with impressive maturity, but the surprisingly careless handwriting conveys more than a hint of nonchalance and may have helped to confirm O’Rahilly in his decision to reject. There is no indication in the records of the Board of the School of Celtic Studies that the application was ever brought to its attention.

Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide ansin é. Chuir sé roimhe Roinn na Gaeilge a mhéadú agus a neartú agus ba é a thug isteach ann Máirtín Ó Cadhain mar léachtóir. Mar dhuine de chláraitheoirí an Choláiste fuair sé taithí ar chúrsaí ardriaracháin. Thaitin an obair sin leis. D’fhill sé ar an Institiúid mar ollamh sinsearach i 1967 toisc gur shíl sé gur sa phost sin ab fhearr a d’fhéadfadh sé taighde scolártha a dhéanamh agus leanúint den obair riaracháin chomh maith. Ó 1969 amach bhí sé ina eagarthóir ar Ériu. D’éirigh leis leathnú a dhéanamh ar réimse an ábhair, thugadh amach go rialta í, agus rinne príomhiris léinn na Gaeilge di.

Colscaradh Dáithí agus Sheila May. Sa bhliain 1959 phós sé an dealbhóir Hilary Heron (1923–77).

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman i 1967, é ina chathaoirleach ó 1975 go 1978. Ní raibh aon eagrán de Cúirt an Mheán Oíche i gcló, cé go raibh raidhse leagan Béarla ar fáil, agus ba é a sholáthair gan mhoill i 1968 téacs den dán a bhí bunaithe ar eagráin eile agus é curtha in oiriúint aige do léitheoirí an lae inniu. Bhí súil aige go spreagfadh sin scoláire éigin chun an obair a dhéanamh i gceart. ‘Idir an dá linn,’ dúirt sé, ‘beidh an sop so le fáil in áit na scuaibe.’

Is faoina uachtaránacht (1973–76) ar Acadamh Ríoga na hÉireann a socraíodh go gcuirfí tús le Foclóir na Nua-Ghaeilge. Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga Gustavus Adolphus sa tSualainn ó 1973 amach. Bhí baint aige le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann agus bhí lámh aige sa tuarascáil mhór a chuir an Coiste um Dhearcadh an Phobail ar an nGaeilge amach i 1975.

In aiste fhada ar a shaol is a ghníomhartha in Ériu xxxiv, 1983, léiríonn Proinsias Mac Cana a fheabhas a bhí sé mar scoláire Ceilteach agus cuireann síos ar na teagmhálacha a bhí aige le hAlbain agus leis an mBreatain Bheag. Chaith sé tamall ag múineadh Sean-Ghaeilge in Aberystwyth agus bhí tamaill eile caite aige ag foghlaim na Breatnaise labhartha. Deir Mac Cana: ‘He was one of the few Celticists of his generation who fully merited the title.’

Bhí a chuid aistí spréite ar fud irisí agus leabhar léinn, imeachtaí cumann scolártha, ciclipéidí etc., agus deir Ó Buachalla fúthu gurb iad sin ‘an oidhreacht is mó a d’fhág sé ina dhiaidh.’ Liostaíonn sé ceithre leabhar déag a scríobh sé nó a chuir sé in eagar. Ina measc tá Contributions to a Dictionary of the Irish language i 1943 agus 1948; eagrán de Fingal Rónáin and other stories (1955); The Irish language (1966); A golden treasury of Irish poetry, A.D. 600–1200 (1967) (i gcomhar le Frank O’Connor); Irish bardic poetry (1970), i gcomhar le Fergus Kelly; Duanaire Mheig Uidhir (1972); Writing in Irish today (1972). Is léir ar chuid de na teidil sin nár mhiste leis a chuid scoláireachta a roinnt ar an bpobal mór. Chuir sé leagan de Táin Bó Cuailgne ar fáil mar chlár ar Radio Éireann uair agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gclár cáiliúil raidió ‘Conas a déarfá?’ Bhí sé ar intinn aige magnum opus a scríobh ar stair na Gaeilge. ‘Thug sé spléachadh dúinn ar an mianach a bheadh sa leabhar, ámh, in The Irish Language, agus tá eithne an leabhair le fáil sna hailt a chuir sé de ar ghnéithe difriúla de stair ghramadach na Gaeilge,’ a dúirt Ó Buachalla.

Fear comhluadair ba ea é agus bhí dúil mhór aige i gcúrsaí spóirt. D’imir sé féin póló uisce ar feadh dhá bhliain le foireann Choláiste na Tríonóide agus bhí sé i measc an ghasra a thaithíodh an ‘Forty Foot.’ Ba gheall le heolaí ar an iománaíocht é. Nuair is beag má bhí aon rud i gcló faoi Mhicheál Cíosóg thug sé léacht Dháibhiseach ina thaobh: tá sé i gcló in The shaping of modern Ireland (1960) in eagar ag Conor Cruise O’Brien.

D’éag sé ar 13 Meitheamh 1981.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú