Ní raibh aon Sasanach a d’fhág lorg chomh mór ar léann na Gaeilge is a d’fhág Flower, agus is ar éigean scoláire Gaeilge d’aon chineál a bhí chomh báúil le pobal Gaeltachta is a bhí seisean le muintir an Bhlascaoid.

Scríobh H.I. Bell, comhghleacaí le Flower i Músaem na Breataine, cuntas ar a bheatha, chomh maith le liosta a shaothair, in Proceedings of the British Academy XXXII, 1946. Foilsíodh freisin i bhfoirm leabhráin é in 1948. An t-údar céanna a scríobh an iontráil in Dictionary of national biography. Tá cuntas ar chaidreamh Flower ar mhuintir an Bhlascaoid, agus ar Thomás Ó Criomhthain go háirithe, ag Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry island library (1987). I leabhar Flower féin, Seanchas ón Oileán Tiar (1956) tá cuntas gairid ar chúrsa a shaoil ag an eagarthóir, Séamus Ó Duilearga. In Studies Samhradh/Fómhar 1981 tá aiste ‘Robin Flower (1881–1946)’ ag Seán Ó Lúing, agus aiste dar teideal ‘Robin Flower, oileánach agus maistir léinn’ aige in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, Uimhir 10, 1977. Tá cuntas ag Tadhg Ó Dúshláine air in Scoláirí Gaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXVII (1997) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn.

In Meanwood, Yorkshire, a rugadh Robin Ernest William Flower 16 Deireadh Fómhair 1881. Ar an dá thaobh bhí a mhuintir cúpla glún siar ina gcónaí in Éirinn. Marmaduke a bhí ar a athair. Chaith seisean saol an-eachtrúil, bhí ag troid ar son an deiscirt i gCogadh Cathartha Mheiriceá gur thréig an t-arm. Nuair a d’fhill sé abhaile ní bheadh aon bhaint ag a mhuintir leis agus chuaigh sé le péintéireacht. Phós sé Jane Lynch, iníon na mná a raibh sé ar lóistín aici. De Loingsigh na Gaillimhe seanmhuintir Jane.

I Scoil Ghramadaí Leeds bhí Robin chomh tugtha sin don léitheoireacht go bhféadfadh sé leabhar a léamh agus rothar a stiúradh in éineacht. D’éirigh leis scoláireacht sna clasacaí a fháil i gColáiste Pembroke, Oxford. Bhain sé céim le céad onóracha in 1904 agus fuair post mar chúntóir i roinn na lámhscríbhinní, Músaem na Breataine in 1906. Bhí sé á bheartú go ndéanfadh sé féin agus Bell clár na lss Breatnaise. Tuairim an ama seo a thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim. D’fhaigheadh sé ceachtanna príobháideacha. Dúirt sé leis an Duileargach uair gur mhór an chabhair dó Abhráin ghrá Chúige Chonnacht. Tar éis dóibh glacadh lena thairiscint ar chlárú na lss Gaeilge a thabhairt chun críche, obair a bhí tosaithe ag S.H. O’Grady chomh fada siar le 1886, d’íoc údaráis an Mhúsaeim as téarma a chaitheamh i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in 1910. Ba é Carl Marstrander a mhol dó ansiúd dul a fhoghlaim na teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain.

Phós sé Ida Mary Streeter, péintéir, in 1911 agus thug chun an oileáin í ar mhí na meala. Ba ghairid go raibh an t-ainm ceana ‘Bláithín’ ag na hoileánaigh air. Seachas blianta an chogaidh b’annamh bliain nach dtéadh sé féin agus a chlann ar saoire ann. Toradh ar na cuairteanna sin is ea The Western Island (1944) agus Seanchas ón Oileán Tiar.

D’aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain faoin teideal The islandman (1934) agus tá an teideal The Great Blasket ar chnuasach dá dhánta a foilsíodh in 1924. File aitheanta ba ea é. Cnuasaigh eile uaidh is ea: Éire and other poems (1910); Love’s bitter-sweet, translations from the Irish poets of the 16th and 17th centuries (1925); Tríreach inna n-én (1926); Poems and translations (1931). I bpáirtíocht leis an bhfile Vivian Locke Ellis chuir sé tús leis an iris liteartha The Open Window in 1910.

Ba é an saothar ba thúisce a thabhaigh clú dó imleabhar a dó de The catalogue of Irish manuscripts in the British Museum a foilsíodh in 1926, an bhliain ar foilsíodh imleabhar a haon le S.H. O’Grady. Rinne sé obair ar imleabhar a trí freisin. Ba é a chuir réamhrá agus innéacs le Caithréim Thoirdhealbhaigh (1924–29) a bhí in eagar ag S.H. O’Grady.

Bhí d’onóir aige Léacht Rhys a thabhairt in 1927: bhain sé leis an gcaidreamh a bhí ag Éirinn leis an Eoraip sna meánaoiseanna. Thug sé léachtanna in ollscoileanna móra Mheiriceá sna 1930idí agus cibé táillí a fuair sé bhronn iad ar mhuintir an Bhlascaoid.

Ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Londan in 1913. Post oinigh ba ea é. Cé gur státseirbhíseach é chosain sé scoláireacht Kuno Meyer i rith an chogaidh in aghaidh leithéidí Norman Moore nach maithfeadh don Ghearmánach é a bheith go mór ar son na Gearmáine sa chogadh. Bhí Meyer ina chairdeas Chríost ag duine dá leanaí.

Ceapadh Flower ina Leas-Choimeádai i roinn na lámhscríbhinní sa Mhúsaem in 1929. Cuireadh i dtaisce i Leabharlann na Breataine Bige iad aimsir an chogaidh (1939–45) agus is i gcúram Flower a bhí siad ansiúd. Ó 1942 i leith bhí ag teip ar a shláinte agus d’éirigh sé as a phost in 1944. D’éag sé 16 Eanáir 1946. Scaipeadh a luaithreach sa Bhlascaod.

Ní raibh de locht le fáil air ag a chara H.I. Bell ach gur ag an nóiméad deireanach a chríochníodh sé cibé gnó a bhí ar lámha aige.

Bhí i gceist aige stair litríocht na Gaeilge a scríobh, agus an méid a bhí scríofa aige di, foilsíodh é faoin teideal The Irish tradition (1947). Chomh fada siar le 1926 bhí cuntas aige ar na dánta grá mar réamhaiste in Dánta grádha, cnósach de sna dánta grá is fearr san Ghaeilge (A.D. 1350–1750), le Tomás Ó Rathile, arbh fhéidir a rá faoi gur caibidil sa stair sin é.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na Scríbheann Gaeilge agus ina bhall d’Acadamh na Breataine agus d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt. Celt. air in 1927 agus Coláiste na Tríonóide an D. Litt. 1937. In 1946 bronnadh an CBE air. Bhí mac agus beirt iníonacha aige.

Is dóigh gur mar gheall ar an mBlascaod is mó a bheidh cuimhne air. Deir Muiris Mac Conghail: ‘Although the island was well known within Ireland as an important source of Irish Language material, it was Flower who put the island on the literary map and brought its culture to a wider audience. He established, with some other English men, such as George Thomson ... and Kenneth Hurlestone Jackson.... a climate for the Island community in which it would be possible for the Islanders to write about their lives and the Island in their own language.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú