“Ireland’s No. 1 Gaelic-speaking civil servant” a thug Scéala Éireann air i ndiaidh a bháis agus thug an Taoiseach Éamon de Valera an t-ómós seo dó sa Dáil: “As the directing mind behind the work of the Translation Staff of the Oireachtas he achieved a remarkable success in adapting the language to modern usage and in particular to the extremely technical and difficult work of translating Acts of the Oireachtas and other legal and official documents into Irish”.

Ba ghnách lena chairde Clem a thabhairt air. Nuair a fuair sé bás i mí na Nollag 1939 dúradh go raibh sé 50 bliain d’aois. An t-aon Clement Murphy a rugadh in 1889 is ag 31 Ascaill Northbrook, an Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 27 Samhain 1889. Is léir ar an uacht a rinne sé nach bhfuil puinn amhrais ann ach gurb ionann an Clement Francis Murphy sin agus Colm Ó Murchú seo againne. Cuntasóir (“book-keeper”) an cur síos ar an athair James Ross Murphy sa teastas breithe ach ceannaí troscán a dúradh i gcuntas báis Choilm. Mary O’Donoghue ab ainm dá mháthair.

Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sraith an Iarthair. Chuaigh sé isteach sa státseirbhís agus i Londain a bhí sé i dtosach, i mBanc Taisce an Phoist, agus i gCoimisiún na Talún i mBaile Átha Cliath nuair a d’fhill sé tuairim 1912. Bhí Gaeilge Dhún Chaoin go maith aige um an dtaca sin. I gcaint raidió a chraol Piaras Béaslaí ar 4 Aibreán 1959 dúirt sé agus é ag tagairt do Chraobh an Chéitinnigh: “Nuair a chuas ann arís b’éigean dom aithne a chur ar a lán daoine nua. Orthu súd bhí fear beag ciúin go raibh an Ghaeilge ar fheabhas aige – Colm O Murchú. Dúradh liom gur Ghaeilgeoir ó dhúchas as Corca Dhuibhne é, ní a chuir ionadh orm. Bhí canúint Chorca Dhuibhne agus fuaimeanna na canúinte go cruinn aige, ach níor labhair sé mar a labhródh Ciarraíoch. Ní chuireadh sé béim a ghutha ar na siollaí mar a dhéanfadh fear as Dún Chaoin. Nuair a chuireas aithne níos fearr air bhraitheas nach raibh an gnáthmheon aige a bhíonn ag Gaeilgeoirí an iarthair”. Ach cé gur thuig Piaras nár chainteoir dúchais Colm chreid sé ar feadh na mblianta gur Chiarraíoch é go dtí gur inis Micheál Ó Coileáin dó gur Bhaile Átha Cliathach é. I Londain a chuir an Coileánach aithne ar Cholm, dar le Béaslaí. Is léir gur lean an mhíthuiscint úd ar feadh i bhfad. Dúirt Conall Cearnach in Old wine and new (1922), agus é ag scríobh ar “The Dominant Dialect”: “Pick up any number of Misneach, the official organ of the Gaelic League, and read the virile leading articles. They are written in Munster’ Irish and I believe they are so written for the simple reason – though this may prove unpalatable to the men of the provinces – that no living man could write them as well as the present Munster editor”. I gcur síos ar Cholm in Teangeolas, iris Institiúid Teangeolaíochta Éireann (Uimh. 17, Geimhreadh 1983) is léir gur chreid Séamas Daltún gur Chiarraíoch é.

Bhí sé ina bhall den chumann drámaíochta a bhunaigh Piaras Béaslaí i 1913 agus páirt aige i ndráma PhiaraisFear na Milliún Punt. Bhí sé rannpháirteach le Piaras agus le Tadhg Ó Scanaill i mbunú na heagraíochta An Fáinne. Colm a mhol an t-ainm sin a thabhairt air, ag cuimhneamh dó gur gasra ceann de na cialla a bhíonn leis i gCiarraí.

Seo é an cur síos a rinne Liam Ó Rinn air sa Leader (27 Eanáir 1940): “I gCraobh an Chéitinnigh is dóigh liom do chonac é don chéad uair ... An tuairim a bhí agam dó an tráth san bhí sí ag a lán eile: fear bánghnéitheach machtnamhach, gan mórán le rá aige, gan aon fhonn air é féin do chur in iúl agus mar bheadh brón doimhin nó míshástacht mhór éigin ag luí go trom air ... Ní fheicinn agus ní fhaca riamh ag rince ná ag déanamh scléipe é”.

Dúirt Béaslaí sa chaint raidió sin go raibh tuairimí aige nach mbeadh ag an “ngnáth-Ghaeilgeoir”, spéis mhór aige i scríbhneoireacht G. B. Shaw, é fonóideach i dtaobh tuairimí a bhí sa bhfaisean. Dhéanadh sé fonóid, mar shampla, faoin gcaint ag na Céitinnigh úd sna hÓglaigh i dtaobh troid ar son na saoirse. Deireadh sé go gcuireadh gunnaí scanradh air. Bhí ionadh mar sin ar Phiaras é a fheiceáil ina phríosúnach i mbeairic Richmond tar éis Éirí Amach na Cásca.

Bhí Colm ina bhall de Chomplacht F den Chéad Chath. Bhí cuid mhaith de na Céitinnigh ann, Gearóid Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Micheál Ó Coileáin ina measc. Bhí Béaslaí ina chaptaen orthu ar dtús ach ba é Fionán Ó Loingsigh a thug amach iad Seachtain na Cásca. D’inis an Coileánach do Phiaras go raibh drochmheas ag Seán Mac Diarmuda ar Cholm agus go raibh ionadh air siúd freisin Colm a fheiceáil ag troid in Ard-Oifig an Phoist. Ba é an tAthair Dónall Ó Scanaill a d’inis d’údair an fhoclóra seo go ndeachaigh Colm agus a athair ar a laethanta saoire ag rothaíocht i dTiobraid Árann nuair a fuair siad ordú cealaitheach Mhic Néill (feic faoi Ó SCANAILL, Tadhg).

Nuair a scaoileadh saor é i ndiaidh tamall i Knutsford agus i Frongoch fuair sé post múinteora i gColáiste Chaisleán Cnucha. Cheap Coiste GnóChonradh na Gaeilge é ina eagarthóir ar a n-iris Fáinne an Lae in áit Phiarais Béaslaí a bhí i bpríosún ach thug siad foláireamh dó gan an cló rómhánach a úsáid, rud a ghoill air. Nuair a cuireadh an páipéar sin faoi chosc bhunaigh an Conradh Misneach agus Colm ina eagarthóir air. Nuair a ligeadh Béaslaí saor d’éirigh sé as an bpost ach tugadh arís dó é nuair ab éigean do Bhéaslaí glacadh le malairt cúraimí. Ach an uair seo bhí cead aige a rogha cló a úsáid. “Taube” (‘colm’ sa Ghearmáinis) an t-ainm pinn a chuireadh sé lena aistí ar chúrsaí litríochta agus fealsúnachta. Dúirt Shán Ó Cuív: “During his brief editorship of that paper he made it a living virile organ and associated Ireland with all the nations of Europe, Asia, America and Australia which employ the modern Latin letters for the expression of thought in writing and in print” (Scéala Éireann 16 Nollaig 1939). Bhí sé ina eagarthóir tamall ar An Branar freisin.

Foilsíodh An gheilt agus scéal eile, péire scéal a d’aistrigh sé ón nGearmáinis agus ón bhFraincis, i 1919. Ba é tuairim Bhéaslaí go raibh an iomarca de chanúnachas Chorca Dhuibhne ann. “Aon ní a chuala Colm i nDún Chaoin ghlacfadh sé leis. Thug Stiofán Mac Enna íde na muc is na madraí air nuair a d’aimsigh sé an focal ‘ruibhéar’ ar abhainn”.

Bunaíodh Cumann na Scríbhneoirí le linn Oireachtas 1920 agus bhí Colm ar an dream a bhunaigh é.

Ceapadh ina rúnaí cúnta é sa Chéad Dáil. Bhí baint aige le scríobh na bunlitreach Ghaeilge a chuir de Valera chuig Lloyd George ar 10 Lúnasa 1921 nuair a scaoileadh Seán Mac Eoin saor. Bhí sé ina rúnaí gníomhach ag an gcruinniú cinniúnach den chomhaireacht ar 3 Nollaig 1921, trí lá sular síníodh an Conradh Angla-Éireannach. Chaith sé tréimhse san Arm Náisiúnta. Dúirt Séamas Daltún sa chuntas sin in Teangeolas gur chaith sé tamall ina ghobharnóir ar Phríosún Mountjoy.

Ceapadh é mar Chléireach na Dála i 1922. Is faoi a bhí féachaint chuige go mbeadh aistriúcháin oifigiúla ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar gach dlí a bheadh achtaithe i mBéarla nó i nGaeilge. Bhí sé ar an gcoiste a ceapadh i 1922 chun téacs Gaeilge an bhunreachta nua a sholáthar. Bhí sé ina bhall freisin de Choiste Litrithe na Gaeilge sa Dréacht-Bhunreacht i 1937.

Bhí Colm pósta ar Iníon Uí Chumhaill (Rose 'Dodie') as Inis Ceithleann. Fuair sé bás ar 14 Nollaig 1939 de dheasca titim de mhuin capaill i gContae an Chláir agus is i Lea House, 93 Bóthar Phembroc, Baile Átha Cliath, a d’éag sé. Ar ócáid a bháis dúirt Shán Ó Cuív in Scéala Éireann: “A distinguished Irish scholar said of him recently that there was no man of his age or origin who had such a thorough grasp of the living Irish language as Colm Ó Murchú had and no one who had done more in a practical way for its advancement”.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú