Dúirt Seán Ó Ciarghusa in The Leader (15 Meitheamh 1929): “Ar Bheirt Fear agus ar an Athair Peadar is mó bíodh a buíochas má tá gaol ag Gaeilge na leabhar le Gaeilge na ndaoine a labhras an Ghaeilge”.

I gCúil Eanaigh i bParóiste na Tuaithe, Co. Chiarraí, a rugadh Beirt Fhear ar 25 Iúil 1855 agus ba iad John Doyle agus Kate Horgan a thuismitheoirí. In Misneach (18 Nollaig 1920) scríobh sé cuntas suimiúil i dtaobh a óige agus mar a labhraíodh a thuismitheoirí Béarla amháin leis, cé gur Ghaeilgeoirí iad: “Chomh fada siar is tá aon chuimhneamh im’ cheann do bhí an dá theangain agam, an Béarla is an Ghaedhilg. An Béarla ba mhó a bhíodh in úsáid againn istigh sa bhaile ach lasmuigh i measc na bhfear oibre do bhíodh an Ghaedhlig tiugh go leor againn ... Níor leagas féin súil ar leabhar Gaedhilge go rabhas fiche bliain d’aois. Do chloisinn trácht ar dhaoine áirithe go raibh ‘Tadhg Gaelach’ acu agus iad ábalta ar an leabhar a léamh ... Ba mhinic do bhuaileadh daoine isteach chughainn go mbíodh scéalta fiannaíochta acu ... Ó bhéalaithris na ndaoine do fuaireas ‘Cathair Chonroí’. Is dócha gur mheabhruíos an scéal go cruinn mar gheall ar Chathair Chonroí a bheith le feiscint go soiléir ar m’aghaidh anonn ar mhullach Chnoc Bhréandain”. Fuair athair Shéamais bás ar 26 Lúnasa 1904 (An Claidheamh Soluis 3 Meán Fómhair 1904). Bhí a dheirfiúr Eibhlín ina teagascóir i dtaobh éanlaith chlóis i gCiarraí agus é de cháil uirthi go mbaineadh sí leas as an nGaeilge an-mhinic le linn a cuid oibre (idem 13 Bealtaine 1905).

Ó lucht aimsire, ceardaithe agus lucht taistil a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus uathu a fuair sé a lán dá chuid eolais i dtaobh seanscéalta agus seanchais. Fuair sé bunoideachas i scoileanna i bhFaiche, i gCuileannach agus i gCill Ghnobnatan. D’éirigh leis post cúntóra custaim is máil a fháil. I mbun na hoibre sin a tharla i nDroichead na Bandan é i samhradh 1875 nuair a casadh Dáithí Coimín air ann. Ba chara leis an mbeirt acu Thomas B. Griffith, fear a bheadh ar Chomhairle Aontacht na Gaeilge ar ball. Mar a dúirt sé, ní raibh fiú leabhar Gaeilge ná lámhscríbhinn feicthe ag Séamas ag an am. An Coimíneach a spreag é chun léamh agus scríobh na teanga a fhoghlaim.

Aistríodh go dtí Baile Átha Luain é ina dhiaidh sin agus ansin go dtí Beannchar, Co. Uíbh Fhailí. Is i mBeannchar, Co. Uíbh Fhailí, a casadh Mary Adelaide Joyce ón gCorn air. Deirfiúr le hardmháistir na Scoile Ríoga ansiúd ba ea í. Phós siad i Meán Fómhair 1881 agus bhí seachtar clann acu. Fuair an duine ab óige, Nóra, bás i 1990. Tá nóta faoi dheartháir Mary Adelaide Joyce in An Claidheamh Soluis 2 Eanáir 1915. Seachtain roimhe sin cailleadh Pádraig Ó Conroi Seoighe a bhí ina cheann ar an Scoil Rioga i mBeannchar ó 1873 go 1890. Deirtear gurbh é an chéad duine dá chreideamh é a bhí ina cheann ar a leithéid de scoil in Éirinn. B’as Dúiche Seoighe é, bhain sé BA amach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe tuairim 1873, agus chuaigh le dochtúireacht nuair a dúnadh scoil Bheannchair. Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh Mhic Héil de Chonradh na Gaeilge. Deirtear sa nóta freisin go raibh sé ag saothrú ar son na teanga i bhfad sular bunaíodh Conradh na Gaeilge, rud a thabharfadh le tuiscint, b’fhéidir, gurbh é ‘Beirt Fhear’ féin a sholáthraigh an nóta. Bíonn tagairtí don Dr King Joyce sna cuntais ar imeachtaí an Chonartha, gur mhol sé rún buíochais ag léacht an Athar Yorke, mar shampla. I mí an Mhárta 1877 bhí litir i gcló in Freeman’s Journal ag Ó Dubhghaill ag áitiú ar an bpobal gur cheart irisleabhar Gaeilge a bhunú. Bhí sé lonnaithe i nGaillimh in 1879 nuair a thosaigh sé ag staidéar chun áit a fháil i Saotharlann na Ribhíneach Intíre. Chaith sé trí bliana ann. Chaith sé deich mbliana i Sasana, cuid mhaith díobh sa Chorn, agus naoi mbliana in Albain.

Bhí sé tamall i mBéal Feirste agus é i mbun rang Gaeilge ann roimh 1898. In Eanáir 1903 bhí litir aige in An Claidheamh Soluis agus an abairt seo ann: “Cé hiad a bhí ag múineadh na Gaeilge i mBéal Feirste cúig bliana ó shin nuair a bhíos féin agus Cú Uladh i dteannta a chéile ann? Muimhnigh an chuid ba mhó acu ...” Chaith sé deich mbliana i nDoire sular aistríodh go Béal Feirste arís é. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó thosach. Ag Oireachtas 1898 bhuaigh sé an duais ar “Thrí scéal ghreannmhara”. I nGlaschú a bhí sé ag obair ag an ’am ach caithfidh sé gur ar feadh tamaill bhig é. I 1901 bhuaigh sé an chéad duais ar leabhar comhrá i nGaeilge agus i mBéarla agus dá thoradhsan a foilsíodh a Leabhar Cainte. An bhliain dár gcionn ghnóthaigh sé an duais do ghearrscéal a bheadh oiriúnach do léitheoirí óga. Bhí sé ina mholtóir sa chomórtas próis ag Oireachtas 1901.

Is é Beirt fhear ón dtuaith an leabhar is mó a chuir a ainm i mbéal an phobail léitheoireachta agus ba é a thug a leasainm dó. Bhí sé á shrathú in An Claidheamh Soluis ó 1899 go 1902 agus foilsíodh mar leabhar é i 1903. I 1910 bhí comórtas Oireachtais do ‘Leabhar ar nós Beirt Fhear ón dTuaith ach amháin go gcaithfear cur síos go cruinn ann ar ghnáth-shaol na cathrach’. Séamus a bhuaigh an comórtas lena Caint na cathrach!

Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Tadhg Gabha (1900), Prátaí Mhichíl Thaidhg (1904), Cathair Chonroí agus sgéalta eile (1905), Cléibhín móna (1907), Muinntear na Tuatha (1910), Beartín luachra (1927) agus leabhrán, David Comyn 1854–1907. Bhí comhfhreagras aige leis an gCoimíneach a lean ar feadh 30 bliain nach mór.

Bhí ‘Beirt Fhear’ ina bhall den Choiste Gnó go fóill i 1915–16 agus is air a thitfeadh cúram chuid mhaith de Chúige Uladh faoin gcóiriú nua a cuireadh ar an gCoiste Gnó i ndiaidh Ard-Fheis 1915. Fuair a mhac Tomás bás 1925. Sagart ba ea é agus é ar intinn aige dul ar an misean sa tSin. D’éag Ó Dubhghaill ar 30 Bealtaine 1929 in Ospidéal príobháideach Naomh Uinsionn, 94 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí air ag an am ag 25 Cearnóg Eaton, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí fógra báis san Irish Independent ach níor luadh baintreach ná clann ann. Chuir An Tír (Iúil 1929) cuntas iarbháis le hEoin Ó Searcaigh i gcló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú