'Muiris Ó Droighneáin: Coimeádaí coinsiasach Cheart na Gaeilge'. B’in é an cinnlíne a roghnaigh Ciarán Ó Nualláin dá thuairisc ar bhás Mhuiris in Inniu 6 Iúil 1979. In Agus Lúnasa na bliana sin, in eagarfhocal dar teideal 'Giolla na Gaeilge', dúradh: 'Ba scoláire Gaeilge é a bhí sásta agus cíocrach, fiú, freastal ar aos ealaíonta cruthaitheach na teanga.' In An tUltach na míosa sin scríobh Gearóid Stockman gurbh é Muiris fear faire an Chaighdeáin. 'Is beag údar a scríobh leabhar le fiche bliain nach bhfuair litir ó Mhuiris ag moladh a shaothair ach ag cur in iúl dó ...'

In áit chónaithe a mhuintire Clohonora House, Baile Nua Sheandroma, sa Ráth i gContae Chorcaí, a rugadh é ar 12 Samhain 1901. James Drinan, feirmeoir, a athair agus Mary Rea as Áth an Mhuilinn sa Ráth a mháthair. Ba chuimhin le Muiris a sheanathair agus a sheanmháthair ag labhairt i nGaeilge le chéile agus a mhéid a chuireadh sé as dó nár thuig sé a raibh ar siúl acu. Col seisir dó an traenálaí capall Vincent O’Brien agus col seachtair dó an tArdeaspag Mannix. Bhí beirt eile sa chlann, deartháir agus deirfiúr. Cé gurbh é an duine ba shine díobh é bheartaigh a mhuintir é a choimeád ar scoil.

Bhí múinteoir bunscoile den scoth aige, an Máistir Hollan, a mhúineadh Laidin, Shakespeare, ábhair phraiticiúla agus go leor eile seachas na gnáthábhair. Bhí sé go rímhaith freisin ag teagasc na Gaeilge. Ina dhiaidh sin chuaigh Muiris chuig na Bráithre Críostaí sa Ráth. D’fhanadh sé ar lóistín sa Ráth oícheanta na seachtaine.

Níor thosaigh sé ar a chúrsa i gColáiste Ollscoile Chorcaí go dtí 1924. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gCuallacht Ghaelach ann nuair a bhí Séamus Daltún ina rúnaí. D'imríodh sé iománaíocht le foireann an Choláiste. Fuair sé an B.A. le céad onóracha sa Ghaeilge in 1927 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin an M.A. sa Ghaeilge le céad onóracha. Ba é Torna Ollamh na Gaeilge agus chomhairligh sé dó tráchtas a scríobh 'ar an bhfeidhm do deineadh go dtí san i gcúrsaí litríocht na Gaeilge.' D’fhoilsigh an Gúm an tráchtas sin in 1936 faoin teideal Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas. Níorbh é an chuid ba lú tábhacht den mhórshaothar seo ar bhailigh Muiris d’eolas i dtaobh scríbhneoirí, eolas ar bhain go leor taighdeoirí (údair an tsaothair seo ina measc) leas as ó shin. In Feasta mhí an Mhárta 1964 bhí alt i gcló ag Muiris i dtaobh cuid de na freagraí a tugadh ar an gceistneoir a chuir sé timpeall. Tá páipéir Mhuiris i gcartlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Chuir sé tús lena shaol múinteoireachta i gColáiste Mhuire na mBráithre Críostaí sa Mhuileann gCearr. Níor chaith sé ann ach bliain toisc gur theastaigh uaidh bheith in aice na Leabharlainne Náisiúnta, tharla go raibh an Gúm tar éis glacadh lena thráchtas agus gur theastaigh uaidh cur leis. Fuair sé post i Scoil Shráid Synge. Níor fhan sé ansin ach bliain. Sa teistiméireacht a scríobh duine de na Bráithre dúirt sé gur chuala sé cigire a rá go mbeadh Muiris ar dhuine de na múinteoirí ba bhreátha in Éirinn. Ach bhí de chlaonadh sna Bráithre Muiris a chur ag teagasc go leor ábhar eile seachas an Ghaeilge agus b’fhearr leis imeacht.

I gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste, cliarscoil dheoiseach, a fuair sé an chéad phost eile. Le sé bliana anuas bhí na laethanta saoire caite aige i mBéal Átha an Ghaorthaidh, ar an mBlascaod, i gCúil Aodha agus sna Déise. Anois cuireadh d’iachall air dul feasta go dtí Gaeltacht Thír Chonaill go dtí go mbeadh trí mhí ar a laghad caite aige ann. Canúint Chúige Uladh a labhródh sé feasta.

Mar seo ba chuimhin le Gréagóir Ó Dúill é: 'Fear mór urrúnta tuaithe, Muimhneach i meánscoil sa Tuaisceart. É saor ar chuid d’éiginnteacht dhiúltaitheach Ghael an Oirthuaiscirt, ach cinnteacht Ghael Mumhan ag siúl leis ... Sheachnaíodh sé an gaol rófhurasta le poblachtánachas Ultach, an cáineadh ar an Saorstát. Fear réalaíoch praiticiúil ... Droichead idir lucht an Chaighdeáin agus Cúige Uladh' (litir chuig údair an leabhair seo).

An litríocht atá á plé aige ina chéad saothar ach dhírigh an mhúinteoireacht agus na fadhbanna canúna a bhain leis an aistriú ó thuaidh a aigne go huile ar an teanga. Bhí Gearóid Stockman ar fhoireann teagaisc Choláiste Mhaolmhaodhóg agus d’fhág sé cuntas againn ar a fheabhas a bhíodh Muiris i mbun ranga (An tUltach, Lúnasa 1979). B’fhéidir gurbh í an bhliain 1944 uasphointe a shaoil ghairmiúil. D’éirigh le nócha faoin gcéad dá mhic léinn shinsearacha pas a fháil agus le 36.6% onóracha a fháil (73.6% agus 19.2% an meánchéadatán ar fud scoileanna an Tuaiscirt). Ba é an rang sinsearach ab fhearr ar fad é. Agus bhí buachaill amháin, Proinsias Mac Cana, a fuair an marc ab airde dá bhfuair aon duine riamh go nuige sin.

Toisc na buamála sa chathair i rith an Dara Cogadh Domhanda d’aistrigh sé amach go dtí paróiste Bhaile Haine sna cnoic. Ar a bhealach chun na scoile théadh sé ar Aifreann i bparóiste Naomh Treasa mar a raibh cónaí ar lánúin dar sloinne Ó Murchú arbh as Droim Seanbhó i gContae Liatroma dóibh. Ball den IRB an fear ina óige agus ba thrua leis riamh nach raibh eolas ar an nGaeilge aige. Shocraigh sé go mbeadh rang ina theach i mBóthar an Ghleanna. Iarradh ar Mhuiris bheith ina bhun agus is mar sin a casadh Róisín, iníon Uí Mhurchú, air. Phós siad in 1944. Rugadh beirt iníonacha agus mac dóibh.

Nuair a bhí na leanaí fásta chuaigh Róisín isteach i ngnó na tábhairneoireachta. Lánstaonaire ba ea Muiris agus gan aon suim aige sa ghnó. Chaitheadh sé an biorán sa chóta, fiú, in éineacht leis an bhfáinne. Gach maidin ar feadh 30 bliain shiúladh sé trí cheantar na Seanchille go dtí Coláiste Mhaolmhaodhóg. D’aithníodh muintir na háite é. Bhí sé ar pinsean le blianta beaga anuas nuair a thosaigh an ghéarchéim ó thuaidh ach lean sé air ag múineadh go dtí tuairim 1970.

Thug sé cúpla seal ina léachtóir i Roinn Cheiltise Ollscoil na Ríona agus bhí sé ar feadh na mblianta ar phainéal na nuatheangacha faoi rialtas Stormont. Bhí sé gníomhach freisin i gComhar na Múinteoirí Gaeilge.

Bhí buansuim aige i bhforbairt na teanga scríofa. Tá Foclóir Uí Dhónaill faoi chomaoin aige 'as a ghrinnmholtaí i dtaobh téacs agus litrithe agus gramadaí.' Agus san fhocal ón bhfear eagair, Pádraig Ó Fiannachta, in An Bíobla Naofa: 'Bhí raidhse moltaí ó scoláirí, go háirithe ó Mhuiris Ó Droighneáin.'

Bhí toradh a mhachnaimh i rith an 25 bliain deiridh dá shaol le fáil go míosúil in An tUltach. Thiomsaigh sé foclóir feirmeoireachta don Choiste Téarmaíochta. Agus lá dá raibh sé ag cur Gaeilge ar bhiachlár d’óstán i nGaoth Dobhair fuair sé amach go raibh roinnt téarmaí riachtanacha nach raibh i bhfoclóir de Bhaldraithe ná ar liosta Choiste Téarmaíochta na Roinne Oideachais. Sin a thug air Nua gach bia: A dictionary of culinary terms ... (1973) a scríobh, d’ainneoin 'nach n-aithneodh sé féin soc ainmhí thar a thóin bhruite ar phláta roimhe' agus é bheith de cháil air nach ndearna sé cupán tae riamh ina shaol!

Céim eile chun forbartha An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir (tríú heagrán 1982). Díoladh breis is cúig mhíle cóip den chéad eagrán (1966). Mhol sé gur de réir na réamhchodanna a liostófaí sloinnte go haibítreach agus i gcás na mban gurbh í an réamhchuid fhireann san ainmneach a d'úsáidfí i liostaí ar nós eolaí an teileafóin. An riail sin atá faoi réim san fhoclóir seo.

Tharla stróc dó tuairim 1975 ach lean sé air ag léamh profaí, a rogha caitheamh aimsire, agus ag scríobh. D’éag sé ar 28 Meitheamh 1979. Seachtain roimhe sin agus é ar leaba a bháis scríobh sé litir ghreannmhar chuig Gaedheal Bhéal Feirsde i dtaobh dearmaid cló agus chríochnaigh lena ghnáthphaidir: 'A Athair Shíoraí in ainm Íosa, déan Gaeltacht athuair d’Éirinn gan roinnt.'

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú