Thug an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich léacht ina thaobh ag Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair i 1977 (i gcló in Meascra Uladh 2 arna chur in eagar ag Micheál Ó Máirtín). Ag tagairt do na haighnis idir an tEaspag Ó Domhnaill agus Conradh na Gaeilge dúirt sé: “Ba thrua gur tharla an t-easaontas idir an tEaspag agus gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge, mar ní raibh easpag ar bith in Éirinn ba dhílse don teanga ná é”.

I gCill Ráin i bparóiste Inis Caoil, Dún na nGall, a rugadh é ar 28 Samhain 1856. Bhí gabháltas beag ag a athair Domhnall ar eastát an Urr. Tredenik, ministir Protastúnach Ard an Rátha. Mhaíodh sé go raibh sé síolraithe ó na Dálaigh a bhí ina dtaoisigh. Ba í Máire Ní Bhreisleáin ó Ghort Loisce a bhean chéile. Naonúr leanaí a bhí acu agus ba é Pádraig an dara buachaill. Le Gaeilge a tógadh iad. I ndiaidh bunoideachais i gCill Ráin d’fhreastail Pádraig ar an Ardscoil i Leitir Ceanainn. Ghnóthaigh sé an chéad áit sa scrúdú le haghaidh ábhar sagairt i ndeoise Ráth Bhoth. Cuireadh é ar feadh cúpla bliain ag staidéar san Ollscoil Chaitliceach i mBaile Átha Cliath, áit ar éirigh sé cairdiúil le Seán Diolún.

Chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1875 agus tar éis staidéir ceithre bliana rinne sé an tArdchúrsa i dTeach Dhún Búinne. In 1879 freisin a ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge. Oirníodh é in 1880. Ceapadh é ina ollamh le diagacht i bhFómhar na bliana sin, post a bhí aige go ceann ocht mbliana.

Ba é a chéad ghníomh polaitiúil, b’fhéidir, go raibh sé ar an gcúigear ollúna sa choláiste a chuir síntiúis go dtí ciste Pharnell in 1883 in ainneoin an Róimh bheith ag cáineadh Parnell. In 1885 bronnadh dochtúireacht sa diagacht air. Nuair a ceapadh Ó Lúóg ina Ardeaspag ar Ard Mhacha in 1887 ceapadh Ó Domhnaill ina easpag ar Ráth Bhoth ina ionad. Ba é an duine ab óige sa Chliarlathas é. Bhí Cogadh na Talún faoi lánseol i nDún na nGall ag an am agus go háirithe i gceantar Ghaoth Dobhair. Bhí an sagart paróiste, an tAthair Séamus Mac Pháidín, i bpríosún toisc gur chomhairligh sé dá pharóisteánaigh gan an cíos a íoc. I bhFeabhra 1889 maraíodh an Cigire Martin sna Doirí Beaga agus cuireadh Mac Pháidin i bpríosún arís. Ar feadh an ama bhí an tEaspag ag cosaint a chuid sagart go poiblí.

In 1892 ceapadh é ina bhall de Bhord na gCeantar Cúng, ballraíocht a lean go 1923. Deir Tomás Ó Fiaich gur mó ná aon duine eile, b’fhéidir, a chothaigh sé muinín an ghnáthphobail sa Bhord.

I ndiaidh bhás Pharnell bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh an Páirtí Éireannach a aontú. Ba é a bhí ina chathaoirleach ar an gcomhdháil náisiúnta a thogh John Redmond mar cheannaire i 1900. Ón uair a tháinig Joe Devlin i gceannas na nÍbeirneach i 1904 bhí Ó Domhnaill ag tacú leo. Ceapadh é ina Reachtaire ar an Ollscoil Chaitliceach (Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath) i 1905 agus nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann bhí sé ina bhall den Bhord Stiúrtha. Bhronn siad dochtúireacht oinigh air i 1915.

Maidir leis an nGaeilge tá sé tugtha suas dó gur i nGaeilge agus i mBéarla a bhíodh an tréadlitir aige gach bliain, rud a bhí annamh ag easpaig. Ba é an chéad leide den easaontas úd le Conradh na GaeilgeNorma Borthwick agus Pádraig Mac Cathmhaoil bheith ag iarraidh feachtas a chur ar bun in 1898 chun Ó Domhnaill a chur in áit an Chraoibhín mar uachtarán (Feasta, Deireadh Fómhair 1988, I. 191). Go luath i 1902 bhíothas ag iarraidh go dtarraingeofaí siar cuireadh a tugadh don Athair Mac Pháidín chun óráid an Oireachtais a thabhairt toisc gurbh eisean ba mhó faoi deara gur ceapadh fear gan Ghaeilge ina Mháistir ar Theach na mBocht na nGleanntach, cé go raibh eolas na teanga ar cheann de na cáilíochtaí riachtanacha san fhógra. Ba nia leis an Easpag Ó Domhnaill an fear sin agus ba ar an ábhar sin amháin a theastaigh ó Mhac Pháidín go gceapfaí é (An Claidheamh Soluis, 15 Feabhra 1902, I. 823). I ndiaidh 1905 shíl Conraitheoirí go raibh baint ró-dhlúth ag an ngluaiseacht i nDún na nGall leis na hÍbeirnigh. Bhí Feis Thír Chonaill go mór i gceist agus dhiúltaigh an Conradh aitheantas a thabhairt di. Nuair a bhí Ó Domhnaill ag bailiú airgid chun Ardeaglais Adhamhnáin a thógáil chuir sé “Feis an Dúin” ar siúl ar feadh deich lá ach níor tháinig na Conraitheoirí in aice leis. Bhí siadsan ag bailiú airgid freisin chun coláiste samhraidh a bhunú. Bhunaigh Ó Domhnaill a eagras Gaeilge féin, Crann Eithne, agus coláiste samhraidh, Coláiste na gCeithre Máistir. Rinne an Conradh iarracht ar an gcoláiste seo a tharraingt isteach i dtrioblóid leis an mBord Náisiúnta Oideachais. Chreid go leor Conraitheoirí i 1909 gurbh é an duine ba mhó sa chliarlathas é a bhí in aghaidh na Gaeilge éigeantaí i máithreánach Ollscoil na hÉireann. É bheith ina dhlúthchara le Seán Diolún faoi deara an seasamh sin aige, dar leo.

Tá léargas ar aigne na n-ógfhear sa Chonradh i leith Uí Dhomhnaill tuairim 1914 léirithe san abairt seo as Slán le hUltaibh (1970), le hEarnán de Blaghd: “Thosaíos ar a thuiscint cé chomh holc is a bhí an t-ainriocht ina raibh Tír Chonaill fághta ag na hÍbeirnigh ... agus ag tionchar an Easpaig Uí Dhomhnaill ... a bhí an uair úd ar thacadóirí tréana na bhFeisirí agus é chomh mór sin in aghaidh na ngluaiseachtaí nua náisiúnta gur chuir sé eagraíocht dá chuid féin i mbun obair na teanga ina fhairche agus a choimeád Conradh na Gaeilge amach oiread agus ab fhéidir leis”.

Bhí sé ina bhall tábhachtach den chomhdháil ionadaíoch a tugadh le chéile i 1917–18 chun réiteach a dhéanamh idir na haicmí polaitiúla i dtaobh féinrialtais. Labhraíodh sé go tréan in aghaidh na críchdheighilte. Nuair a cuireadh ceathrar Poblachtach chun báis i nDroim Bó i 1923 síleadh nach ndearna sé a dhóthain chun iad a shábháil. Dódh go talamh an teach ina rugadh é agus fuair deartháir leis bás de dheasca obair na hoíche sin. Bhí an tEaspag ina Ardeaspag Cúnta in Ard Mhacha faoin am seo. Tháinig sé i gcomharbacht Uí Lúóg i 1924 agus i 1925 rinne cairdinéal de. Bhí sé i láthair ag cruinniú tionscnaimh Chomhaltas Uladh ar 3 Samhain 1926. Fuair sé bás agus é ar saoire i gCáirlinn ar 22 Deireadh Fómhair 1927.

Tá liosta a shaothair scríofa agus liosta d’fhoinsí eolais ag Brenda O’Hanrahan, Donegal authors: a bibliography (1982). Is faoina stiúir i 1904 a d’aistrigh Seaghán S. Mac a’ Bhairdna heipilistí agus na soiscéil do Dhomhnaigh agus laethanta saoire agus ba é a scríobh an réamhrá (nó “an ceannphort”) do Mo Sgéal Féin leis an Athair Peadar Ó Laoghaire i 1915. Tá cuntas ag Mary H. Harris i gcló in Oxford dictionary of national biography, 2004. Foilsíodh an t-alt ‘Patrick Cardinal O’Donnell and the Irish Language’ leis an Athair Pádraig Ó Baoighill in Donegal Annual: Bliainiris Dhún na nGall, Uimhir 56, 2004. Féachann Ó Baoighill lena cheart a thabhairt don Easpag maidir leis an nGaeilge, lena thacaíocht don Ghaeilge i nDún na nGall féin agus, i ndiaidh 1922, sna Sé Chontae agus éiríonn leis sin a dhéanamh. Ach teipeann air aghaidh a thabhairt ar na fáthanna a raibh Conradh na Gaeilge ina aghaidh: seasamh an Easpaig ar son na nÍbeirneach; post poiblí á thabhairt sa Ghaeltacht do dhuine gan Ghaeilge toisc, síleadh, gaol a bheith aige leis an Easpag; an fheis agus an coláiste Gaeilge a chuir sé ar bun a bheith in iomaíocht d’aon ghnó lena leithéidí ag an gConradh; an troid a chuir sé féin agus an Cliarlathas suas in aghaidh an Ghaeilge a bheith riachtanach i máithreánach Ollscoil na hÉireann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú