“Fowler na Gaeilge” a thug Séamas Daltún, Príomh-Aistritheoir Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais, air. Ag cuimhneamh a bhí sé ar a phéire leabhar: Ceart na Gaedhilge (1922) agus Gnás na Gaedhilge (1940).

I gCionn tSáile a rugadh Cormac Ó Cadhlaigh ar 26 Aibreán 1884. Bhí gnó gréasaíochta i Sráid an Mhargaidh ann ag a athair Jeremiah, cúigear ag obair dó ina cheardlann agus gréasaithe eile ag obair dó ina dtithe féin. Gréasaí sa tsráid chéanna a athairsean freisin, fear ar chainteoir dúchais Gaeilge é. Ní raibh focal Gaeilge ag Jeremiah. In ‘An Mhuintir s’againne,’ Scéala Éireann 28 Márta 1959, deir sé go raibh roinnt Gaeilge ag a mháthair ach nár labhair sí riamh leis í. Ó Chonn Ó Floinn, seanduine i gceantar Chionn tSáile, a d’fhoghlaim sé rince agus tosach a chuid Gaeilge. Ba í Marianne McCarthy máthair Chormaic. Bhí a tuismitheoirí ina múinteoirí i Spuncán in aice leis an gCoireán i gCiarraí. Bhí seisear deirfiúracha agus deartháir amháin aici. Oileadh na cailíní uile ina múinteoirí ach níor chleacht Marianne an cheird riamh. I gCionn tSáile bhí sí i gceannas i siopa tobac Clarke & Co. Bhí a deirfiúr Nóra pósta ar Mhicheál Ó Dochartaigh, múinteoir i gCill Orglan, deirfiúr eile May arbh é Fionán Mac Coluim a mac, agus deirfiúr eile Ellie a bhí pósta ar Fhionán Ó Loingsigh agus a raibh Fionán Ó Loingsigh T.D., an tAthair Seán Ó Loingsigh, údar, agus Eibhlín bean Uí Mhóráin (máthair Dhónaill Uí Mhóráin) sa chlann aici. B’fhéidir gurbh í Myra an duine ba cháiliúla de na deirfiúracha. Is ina teach ag 44 Cearnóg Mountjoy a d’fhanadh Micheál Ó Coileáin nuair ba mhó a bhí sé i gcontúirt a anama. Ba é Cormac an ceathrú duine de sheachtar clainne, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní.

B’fhéidir gur mar gheall ar na gaolta sin a thosaigh Cormac ag foghlaim Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois agus é réidh leis an meánscolaíocht i Mainistir Fhear Maí (1895–97) agus i gCarraig an Tobair (1897–1901). Agus é ag Feis Bhaile an Mhairtéalaigh in Iúil 1901 is beag má thuig sé rud ar bith dá rabhthas a rá ón ardán seachas an focal “agus”. Chuir an fheis sin cor ina shaol. Go nuige sin is ag díriú ar phost státseirbhíse a bhí sé agus bhí an oiread sin duaiseanna agus scoláireachtaí gnóite aige gur ró-dhócha go n-éireodh leis a leithéid de phost a fháil.

Ba é Fionán Mac Coluim a mhol dó dul go dtí an Blascaod agus mhaíodh sé gur túisce ná na scoláirí móra a chuir sé eolas ar an oileán.

Fuair sé post faoi Chonradh na Gaeilge i nGráig na Manach i 1905. I Samhradh na bliana sin bhain sé amach lánteastas múinteora Gaeilge i gColáiste na Mumhan. An Fómhar sin fuair sé post i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí sé ag timireacht don Chonradh i gContae an Chláir. Timpeall an ama seo bhíodh sé i láthair ag feiseanna na Mumhan, an filleadh beag air agus é ag baint duaiseanna sna comórtais rince.

Faoi 1908 bhí post aige i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí. Is ann a bhunaigh Cormac féin, Tomás Mac Donnchadha (1878–1916) agus Pádraig Ó Cinnéide an ceardchumann Cumann na Meánmhúinteoirí (ASTI). An Ghaeilge agus an Fhraincis na hábhair a bhí aige ach bhíodh an Spáinnis agus an tráchtáil á múineadh aige tamaill freisin. Scríobh sé leabhar ar an gcuntasaíocht i 1925.

Ó 1914 go 1917 bhí baint aige leis na cúrsaí samhraidh i gCathair Dónall agus i 1921 le cúrsa Chraobh na Trá Móire de Choláiste na Rinne.

Toisc gurbh ón Ollscoil Ríoga a bhí an Máithreánach aige bhí cead aige dul faoi scrúduithe céime gan freastal a bheith déanta aige ar léachtaí. Bhain sé B.A. amach i 1912 agus M.A. an bhliain dár gcionn. I 1909 bhí an leagan de “Parliament na mBan” sa lámhscríbhinn i gColáiste Cholmáin i gcló aige in An Lóchrann agus san iris chéanna “Eachtra Chondla Mhic Chuinn Chéadchathaigh” i 1911 agus “Ceisneamh Inghine Ghoil Átha Lóigh” i 1912–13. Thugadh sé cuairt ar an Athair Peadar le linn dó bheith ag déanamh domhanstaidéir ar a shaothar. Ceart na Gaedhilge (1922) toradh na hoibre sin. Bhí de cháil air gur rómheas a bhí aige ar shaothar liteartha an tsagairt.

Ceapadh é ina chúntóir i Roinn na Gaeilge agus sa leabharlann i gColáiste Ollscoile Chorcaí i 1923 agus ina léachtóir i 1930. Bhí sé ina eagarthóir ar An Lóchrann i 1930–31. Toghadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath in Iúil 1932 nuair a d’éirigh an Craoibhín as an bpost sin. Chuir sé isteach ar uachtaránacht Choláiste Ollscoile Chorcaí i 1943 ach is le Alfred Ó Rathaille a bhí an lá.

Chuaigh Cormac amach ar pinsean i 1954 agus chaith fuílleach a shaoil i gCill Orglan. B’as an mbaile sin dá bhean Esther Nic Cormaic (d’éag ar 21 Lúnasa 1947). Ba lena muintir Teach Ósta an Bhóthair Iarainn ann. Phós siad i 1913 agus bhí triúr iníonacha agus mac acu. D’éag Cormac ar 1 Nollaig 1960. Scríobh an tAthair Tadhg Ó Murchú cuntas ar a shaol in Feasta Feabhra 1961.

Slighe an eólais (1923) ba mhó a chuir a ainm i mbéal an phobail bhí sé ar an oiread sin cúrsaí scoile. Rinne sé roinnt mhaith aistriúcháin: Aindeise Shiobhán (1928) ar Les Malheurs de Sophie le La Comtesse de Ségur; Colombo (1929) ar scéal le Prosper Merimee; Rí na gcnoc (1931) ar Le Roi des Montagnes le Edmond About; aistriúcháin ar De Bello Gallico 11 (1922) agus Rerum Novarum (Staid an lucht saothair) i 1926. Tá go leor dá dhéantús bunaithe ar an tseanlitríocht: Cormac Mac Airt (1927), Guaire an Oinigh (1939); An Fhiannaidheacht (1936); Diarmuid Mac Cearbhaill (1950); An Rúraíocht (1956). Maíodh gurbh é Cormac Mac Airt, 1927 an chéad leabhar dár fhoilsigh an Gúm, ach is é a thabharfá leat ón liosta in Foilseacháin an Ghúim 1926-2003, 2003 gur túisce ná é a foilsíodh Beagnach Fíor, 1927 le Pádraic Ó Conaire agus Lorgaireacht, 1927 le Micheál Ó Gríobhtha. Cnuasach seanfhocal is ea Eagna an Ghaedhil (1924). Bhí tosaithe aige ar a dhírbheathaisnéis a scríobh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú