Nuair a bhí saoirse Bhaile Átha Cliath á bronnadh air féin agus ar an Athair Peadar Ó Laoghaire ar 22 Aibreán 1912 bhí an méid seo le rá aige: “Dúirt mo sheanathair liom agus mé i m’ leanbh thall i Hamburg go raibh, go deimhin, caint idir é féin agus Napper Tandy, agus gur rug Napper Tandy ‘greim ar láimh air’, lom dáiríre, nuair a bhí sé ina gharsún. D’inis sé an méid sin dom i bhfad sarar airíos-sa aon trácht ar ‘The Wearing of the Green’.” Cibé bunús a bhí leis an scéal sin is deimhnitheach go léiríonn sé gaol rómánsach a bheith aige le hÉirinn.

In Hamburg, mar a raibh a athair ina mháistir scoile, a rugadh é ar 20 Nollaig 1858. Chaith sé an dá bhliain 1874–76 dá mheánscolaíocht i nDún Éideann. I rith 1874 bhí sé ina rúnaí ann ag scoláire Gearmáinise a bhí dall. Ar cuairt in Oileán Árann dó chuala sé Gáidhlic. I ndiaidh bliana de sheirbhís mhíleata agus bliana eile ina oide ag teaghlach i Lowestoft, Sasana, rinne sé staidéar ar an léann Ceilteach in Ollscoil Leipzig faoi Ernst Windisch agus ar an teangeolaíocht agus an ghramadach chomparáideach. In 1884 foilsíodh a thráchtas dochtúra Eine irische Version der Alexandersage agus in 1885 a Cath Finntraga. An bhliain chéanna sin fuair sé post mar léachtóir le teangacha Teotanacha in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ansin, mar léachtóir agus mar ollamh (1895–1912), go ceann 27 bliana. Tuairimítear san Irish Book Lover Iml. XI (Nollaig 1919) go raibh ollúnacht Cheiltise den chineál oinigh aige ann. Is cosúil freisin go dtugadh sé léachtaí ar an tSean-Ghaeilge in Ollscoil Londan.

In aois 34 bliana dó tholg sé an airtríteas de dheasca oícheanta a chaitheamh faoin anairt i gceantair shléibhtiúla na Breataine Bige lena chara John Sampson, an scoláire mór ó Scoil, Co. Chorcaí.

In 1896 bhunaigh sé an iris Zeitschrift für celtische Philologie i gcomhpháirt le Ludwig Stern. In 1899 chabhraigh sé leis an gCraoibhín chun bréag a chur ar Robert Atkinson sa mhéid a dhearbhaigh sé i dtaobh litríocht na Gaeilge os comhair an Choimisiúin um Meánoideachas.

In 1903 bhunaigh sé féin agus John Strachan Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath. Lean an scoil sin go dtí 1924. Tá a stair inste ag Seán Ó Lúing in Scríobh 5 agus 6 (1981–84). In 1904 cuireadh tús le Ériu, iris na Scoile. Ba í an Scoil seo faoi deara gurbh é Baile Átha Cliath lárionad domhanda an léinn Cheiltigh ar ball.

Bhíodh Meyer ar cuairt go Baile Átha Cliath go minic roimh 1903 agus go háirithe chun léachtaí Todd a thabhairt san Acadamh. Deir George Moore go raibh sé mar leideoir ag an gCraoibhín nuair a léiríodh An tinncéir agus an tsidheog i ngairdín Uí Mhórdha i bPlás Ely ag Oireachtas 1902. In Hail and farewell tá cur síos greannmhar ar an gcuairt choicíse a rinne Meyer i dteach Uí Mhórdha.

In 1907 cuireadh cúram Fhoclóir an Acadaimh ar Mheyer. Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann bhí ollúnacht le fáil aige ach sin rud nár theastaigh uaidh. Deirtear go raibh fhios aige faoi 1911 go mbeadh sé ina chogadh idir an Bhreatain agus an Ghearmáin agus gurbh in an fáth nach raibh sé sásta glacadh le post in Éirinn. Nuair a d’éag Heinrich Zimmer fuair sé cathaoir na Ceiltise i mBeirlín in 1912. Don ócáid seo a d’ullmhaigh a chairde A miscellany presented to Kuno Meyer.

Bronnadh saoirse Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí (25 Meán Fómhair 1912) air. Baineadh a ainm as liosta Bhaile Átha Cliath in Márta 1915. In Eanáir 1915 ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge le rún buíochais dó faoin obair ar son na hÉireann a bhí deanta aige. D’éirigh sin as rún ar ghlac Bardas Chorcaí leis i dtús na míosa go mbainfí saoirse na cathrach de. In The Irish Times 12 Aibreán 1990 bhí aiste dar teideal ‘Kuno Meyer: time to make amends?’ ag J.P. Duggan, iar-Chláraitheoir Institiúid an Ardléinn. Tá cur síos aige ar an gcaoi ar gearradh ainm Mheyer amach as liosta bhuirgéisigh oinigh Bhaile Átha Cliath 15 Márta 1915. Ceithre dhuine is fiche a bhí ar son an rúin 1 Márta agus ceithre dhuine is fiche ina aghaidh ach is ar son an rúin a chaith an tArd-Mhéara a vóta. Seán T. Ó Ceallaigh a mhol an rún an chéad lá go dtoghfaí ina bhuirgéiseach oinigh é, Liam Mac Cosgair ag cuidiú leis.

Ón uair a bhris an Cogadh Mór amach bhí an saol go míshona aige. Scríobh agus dúirt sé rudaí a ghoill ar roinnt dá shean-chairde. Chuir Alice Stopford Green mar achainí air éirí as stiúrthóireacht Scoil an Léinn Ghaelaigh agus as eagarthóireacht Ériu. Níl amhras ach go raibh sé díograiseach ar son na Gearmáine. Chaith sé an tréimhse ó 1914 amach sna Stáit Aontaithe, ag léachtóireacht i Harvard agus in Ollscoil Illinois agus ar fud na tíre.

Tá leide bheag dá aigne ag an am agus den uisce faoi thalamh freisin le brath ar a litir chuig John Devoy ar 2 Meán Fómhair 1915 (Devoy’s post bag Vol. 2). Gortaíodh é go gairid ina dhiaidh sin i dtimpiste traenach. Bhí Mrs Florence Lewis, banaltra, ag tindeáil air. Phós siad ar 10 Nollaig 1915. Chuaigh siad le chéile go dtí an Eoraip agus ansin scar siad.

Bhí Meyer ag teacht chuige féin i ndiaidh an chogaidh nuair a d’éag sé go tobann i Leipzig ar 11 Deireadh Fómhair 1919.

Foilsíodh leabhar Sheáin Uí Lúing, Kuno Meyer, 1858–1919: a biography, in 1991 agus tá cuntas cuimsitheach ag an údar céanna air in Scríobh 5. Deir se: “Is fánach duine a thuig ... nach ina ollamh ar léann Ceilteach ach ar Ghearmáinis a chaith sé formhór a shaoil agus nach raibh d’am le caitheamh aige le Gaeilge ach a bhfaigheadh sé de shaoire”. Rinne Ó Lúing an breithiúnas seo air: “Fear litríochta ab ea Kuno Meyer. Dhealaigh sé sin amach é óna lán dá chomhscoláirí. Chonaic sé agus mhothaigh sé áilleacht, ceirdne agus dathúlacht focal san áit ná feaca saoithe eile ach conablach le gearradh ina smutaí le rásúir léinn ar bhord na gramadaí”. Dúirt Mary Colum (Life and the dream, 1958): “Meyer was the poet scholar, the artist scholar, and he wore his rare learning with a grace not usually associated with German philologues. On account of the beauty of his translations he was one of the first to attract an interest in the old Irish literature ... How well I remember his figure at a reading stand, his shoulders stooped both with arthritis and his bending over books as he read in his beautiful voice and his perfect English his translation of old Irish poetry, all done as naturally as if he had written the poems himself”.

Ar na leabhair a chuir sé amach tá: Merugud Uilix maice Leirtis (1886); Aisling Meic Conglinne (1892); Immram Brain (le Nutt) (1895); King and hermit (1901); Liadan and Cuirithir (1902); The triads of Ireland (1906); Tecosca Cormaic (1909); Fianaigecht (1910); Selections from ancient Irish poetry (1911).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú