“An Gael ba dhúthrachtaí a casadh orm riamh go dtí sin” an cur síos a rinne Dubhghlas de hÍde ar an gCoimíneach, é ag tagairt do 1878 nuair a d’fhág na hoibrithe ba dhíograisí Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge chun Aontacht na Gaeilge a bhunú. An Coimíneach ba mhó faoi deara Irisleabhar na Gaedhilge a thabhairt ar an saol agus ní mór é a áireamh ar an mbeagán ba mhó a rinne leas na teanga sa 19ú haois.

I Sraid Anraí, Cill Rois, ar 13 Bealtaine 1854 a rugadh é. Ba é an t-aon duine amháin clainne é ag John Comyn agus Kate Hassett. Le Béarla a tógadh é agus ní raibh eolas maith aige ar an nGaeilge mar theanga labhartha riamh. Scríobh Séamus Ó Dubhghaill (‘Beirt Fhear’) an leabhrán David Comyn 1854–1907 (1926) ach ní deir sé cár cuireadh oideachas air. I Samhradh 1875 bhí sé ina chléireach sa Bhanc Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus casadh an bheirt acu ar a chéile i nDroichead na Bandan mar a raibh an Dubhghailleach ina oifigeach cúnta sa Chustam is Mál. Gaeilgeoir eile, T. B. Griffith, a chuir in aithne dá chéile iad agus is léir go raibh an Coimíneach ag téisclim chun gníomh a dhéanamh ar son na teanga. Cheana féin bhí aithne curtha aige ar an Athair Uileog de Búrca (1829–1887) agus bhí staidéar á dhéanamh aige ar litríocht na Gaeilge agus ar an teanga scríofa.

Tá eolas ar a ndearna sé idir 1876 agus 1887 ag Máirín Ní Mhuiríosa in Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893 (1968). Is léir go raibh sé ar an mbeirt nó an triúr ba chumasaí is ba ghníomhaí. Ba é a thug ar pháipéir ar nós The Irishman, The Shamrock, Young Ireland, The Teachers’ Journal colúin nó cúinní a thabhairt don teanga. Sholáthraíodh sé féin ábhar dóibh. Dhéanadh sé obair phoiblíochta agus ba é a d’ullmhaigh an tsraith de théacsleabhair bheaga shimplí do Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, in ainneoin nach raibh eolas na teanga labhartha aige, toisc gurbh é capall na hoibre é agus gur chaint is mó a bhíodh ar siúl ag an gcuid ba “thábhachtaí” de bhaill an Chumainn. Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge ó thosach go dtí 1887.

Níor phós sé. Deir an Craoibhín in Mise agus an Connradh: “Théadh sé abhaile gach tráthnóna chun an oíche a chaitheamh i measc a chuid leabhar ... Ní chleachtaíodh sé cleasa lúith ná obair chorpartha, agus chaitheadh sé aimsir rófhada ag staidéar. D’fhág sin ró-reamhar mí-lítheach é”. Tá an cur síos seo ag Seán Pléimeann in Irisleabhar na Gaedhilge Iml IV, 1889: “Without speaking Irish and without assistance, he acquired a great knowledge of the language. No house in Dublin has a history with which he was not acquainted. With the history and geography of India and China, and Rome, and Greece, he was equally conversant. In a word, he had as good a claim to be accounted a living encyclopedia as any person I have known”.

Lean an Coimíneach air ag scríobh chuig Beirt Fhear ar feadh beagnach tríocha bliain. Tá na litreacha sin sa Leabharlann Náisiúnta mar aon le leabhair agus lámhscríbhinní an Choimínigh agus litreacha a fuair sé ó leithéidí Euseby Cleaver. D’fhoilsigh Beirt Fhear sliochta as na litreacha sa leabhrán úd agus tá léargas ar a dhíograis, ar a chumas grinn agus ar a umhlaíocht iontu. Ag tagairt do na litreacha ar 21 Feabhra 1905 dúirt sé le Beirt Fhear: “About those letters: follow the counsel of Holy Writ: ‘Bind them in bundles to burn’. After that operation, the residuum may be worth its weight in gold – which I will gladly remit you when you certify as to the fact of the cremation and the exact weight of ash”.

I gceann eile dá litreacha deireanacha ghearáin sé go raibh ualach na hoibre oifigiúla sa Bhanc Náisiúnta i bhFaiche an Choláiste ag éirí níos troime de réir mar a bhí a chumas chun oibre ag dul i laghad. D’éag sé ar 21 Feabhra 1907. Ba é a sheoladh ag an am 42 Cearnóg Brighton, Ráth Garbh.

Ba é údar Irish illustrations to Shakespeare: being notes on his references to Ireland (1894) é agus chuir sé eagar ar Laoi Oisín ar Thír na nÓg (1880), Mac-Ghníomhartha Fhinn (1902) agus ar Foras Feasa ar Éirinn Iml a hAon (1902). Bhíodh sé ina mholtóir i gcomórtais liteartha an Oireachtais sna blianta tosaigh. Ba bhall de Chomhairle an Chonartha é i dtús an chéid.

Foilsíodh aiste le Breandán Ó Conaire ‘Dáithí Coimín agus Aontacht na Gaeilge’ in Studia Hibernica 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú