“Within a few years he won for himself a European reputation as the authority on Irish place-names, genealogy and the Irish annals”, a dúirt Osborn Bergin ina thaobh i dteastas a scríobh sé. Thug an scoláire Paul Grosjean “Princeps historicorum Hiberniae” air.

I mBéal an Átha, sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 19 Meitheamh 1885. Baisteadh é an lá céanna nuair a síleadh nach mairfeadh sé. Bhí sé ar an duine ba shine den ochtar clainne a bhí ag Michael Walsh agus Brigid Gallagher. Tar éis bunscolaíochta bhí sé ag freastal ar Scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr. “He then took to the study of Irish and at once showed a special aptitude for this language. He told the brother who was his master that he did not know that there was a special language of our own until he began its study that year”, dar leis an Athair John Brady, staraí dheoise na Mí (Irish Ecclesiastical Record, Iúil 1941).

Bhí sé tamall i gColáiste Fhinín sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. I rith an dara bliain ann dó thug an tAthair Peter C. Yorke léacht sa choláiste agus chuaigh sé i gcion go mór air. Ar an nGaeilge a dhíreodh sé a aigne feasta. I 1907–11 bhí sé ar dhuine den triúr a chuir eagar ar Seanmóirí Muighe Nuadhad, seanmóirí den 18ú haois, seanmóirí an Easpaig Uí Ghallchóir ina measc, atá i lámhscríbhinní i Maigh Nuad.

Sa bhliain deiridh dó dhíbir na hIontaobhaithe an tAthair Micheál Ó hIceadha as a phost ollúnachta. Chuir Cuallacht Cholmcille teileagram ag tacú leis. Bhí baint ag Pól leis an ngníomh sin agus measadh gur sárú ar na rialacha a bhí ann. Ní cheadófaí é a oirniú i Maigh Nuad agus b’éigean dó dul go dtí Coláiste na Naomh Uile mar ar oirníodh é i Meitheamh 1909. I 1918 d’ullmhaigh sé leabhrán Uí IceadhaLanguage and nationality le haghaidh a fhoilsithe.

Ceapadh é ina shagart cúnta i nDún Samhnaí ach i gceann ceithre mhí bhí sé ina ollamh le Laidin i gColáiste Fhinín. Fuair sé an B.A. le céad onóracha i 1912 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin an M.A. agus scoláireacht taistil i ngeall ar a thráchtas ar fhocail ó theangacha eile sa Ghaeilge. Bhac an Cogadh Mór air dul go dtí an Mór-Roinn agus is in Aberystwith ag staidéar ar an mBreatnais a chaith se a théarma scoláireachta.

Chaitheadh sé tamaill freisin ag Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath.

Domhnach Cásca 1916 thaistil sé chomh fada le Baile Átha an Rí le hordaithe Mhic Néill. An bhliain chéanna sin chuir sé isteach ar chathaoir na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí a bhí folamh i ndiaidh de Hindeberg. Thug Bergin agus Best teastais dó. Torna (Tadhg Ó Donnchadha, ), ar ndóigh, a fuair an post. Faoin am seo bhí sé ina léachtóir le Breatnais i Maigh Nuad agus ag an am céanna ina shagart cúnta i gCoill Chluana, Dun Búinne. Ó 1919 go 1928 bhí sé ina Ollamh le Stair Eaglasta. Deirtear nár léachtóir maith é: bhí sé róchúthaileach.

Ceapadh é ina shagart paróiste i Muilte Farannáin i 1932. Chun go mbeadh lámhscríbhinní Annála Ríochta Éireann slán sábháilte i rith an Dara Cogadh Domhanda is go dtí mainistir na bProinsiasach i Muilte Farannáin a cuireadh iad. Bhí sé an-oiriúnach mar sin go dtitfeadh sé ar an Athair Breathnach eagrán nua den Cheathrar Máistir a ullmhú. Mar a dúirt an tAthair Francis Shaw C.I.: “He had always a peculiar interest in the history of the Irish Franciscans and in the community room and library at Multyfarnham Fr Paul was as much at home as he would have been with Brother Micheál Ó Cléirigh in the convent by the Drowes” (Studies, Meán Fómhair 1941). Ach sciob an bás é ar 18 Meitheamh 1941. “He died at the full height of his intellectual growth when he had begun what would probably have been the greatest work of Irish scholarship in our times”, a dúirt an tAthair Shaw.

Tá a shaothar liostaithe ag an Athair John Brady in Irish Historical Studies Iml. 3 Uimh. 10, Meán Fómhair 1942. Is iad na leabhair is minice a luaitear: Mil na mbeach (1911); Gleanings from Irish manuscripts (1919); Leabhar Chlainne Suibhne (1920); The Place-names of Westmeath (1915); The Flight of the Earls(Ó Cianáin) (1916); The Life of Aodh Rua Ó Domhnaill (Lughaidh Ó Cléirigh) (1948–1957); Irish men of learning (1947)Irish chiefs and leaders (1960). Is bailiúcháin aistí an dá leabhar dheireanacha sin. Bhí sé á bheartú ag Colm Ó Lochlainn agus Comhlacht na dTrí Choinneal go dtabharfadh siad amach an tríú bailiúchán Irish states and peoples. Foilsíodh an dara heagrán de Gleanings from Irish manuscripts i 1933 . Leabhair eile dá chuid ná Éigse suadh is seanchaidh (1909); Leaves of history (1930); The will and family of Hugh O’Neill (1930); Ancient Westmeath (1938). Chuir sé eagar ar St. Patrick, A.D.432-1932 (1932).

Nuair a bhí an tSuirbhéireacht Ordanáis ag ullmhú mapa den tír i nGaeilge i 1938 chuaigh siad i gcomhairle le Pól Breathnach agus Fiachra Éilgeach.

An rud is inspéise faoi, b’fhéidir, gur scoláire Gaeilge agus staire ba ea é. Dúirt Bergin sa teastas úd: “Of the many aspects of his genius much might be said but perhaps the outstanding feature is this that while his deep knowledge of the language was acquired under the guidance of scholars such as Meyer, Thurneysen, Marstrander and the professors of his own university his training as an historian was his own achievement”.

Tá cuntas cuimsitheach air ag Nollaig Ó Muraíle in Maigh Nuad agus an Ghaeilge. Léachtaí Cholm Cille XXIII (1993) in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. D’fhoilsigh Four Courts Press Irish Leaders and Learning through the Ages. Paul Walsh. Essays collected, edited and introduced by Nollaig Ó Muraíle (2003).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú