Tá fianaise go ndeachaigh a phearsantacht i gcion ar dhaoine go mór. In An Claidheamh Soluis i ndiaidh a bháis scríobh an Piarsach i dtaobh a cháilíochtaí mar mhúinteoir: “Such patience. Such gentleness, combined with such firmness. Such clearness in expression, such vivacity of manner. Such eloquent variety of intonation. Such skilful mimicry. Such readiness of resources. Such absolute mastery over all the teacher’s art was his, that to be taught by him or to see him teach was in itself a training in all that is teaching ideal and method”. Shamhlaítí do lucht a mholta, i bhfad i ndiaidh a bháis, go mbeadh sé ar dhuine d’ardcheannairí 1916 dá mairfeadh sé.

Sa Lochán Beag, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 16 Meán Fómhair 1881. Micil a bhí ar a athair agus ba í Síle Ní Fheinneadha a mháthair. Ní raibh aon Bhéarla aige go ndeachaigh sé go dtí Scoil Shailearna ar an gCnoc. Ceapadh ina mhonatóir ansin é nuair a bhí sé 15 bliana d’aois. Bhí sé ina chúntóir ann ar ball. I samhradh 1901 rinne sé an scrúdú deiridh don mhúinteoireacht. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois agus d’fhaigheadh sé An Claidheamh Soluis.

Deirtear gur tháinig Tomás Bán Ó Concheanainn, timire an Chonartha, isteach sa scoil lá agus go ndeachaigh an chuairt sin i gcion ar Mhicheál. In Iúil 1901 bhí an Conradh ag lorg rúnaí cúnta i Londain agus fuair Micheál an post ar £70 sa bhliain. Chomh maith le riarachán bhíodh ranganna ar siúl aige agus ghlacadh sé páirt in imeachtaí uile an Chonartha. Thosaigh sé ag scríobh aistí do An Claidheamh Soluis. Bhí sé ag foghlaim teangacha agus ag léamh go hamplach, é ina shuí go dtí an ceathair ar maidin go minic. Ag Oireachtas 1903 bhuaigh sé duais lena aiste “Cuan na Mara agus a mhuintir” (foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1907). I 1904 bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas “Stair achomair i gcóir leanaí”. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an téacsleabhar seo faoin teideal Stair na hÉireann i 1906. D’aistrigh sé Knocknagow le Kickham in An Claidheamh Soluis i 1904–5; foilsíodh ina chodanna é faoin teideal Cnoc na nGabha (Cuid a 1 is a 2 i 1906–10 agus cuid a 3 is a 4 i 1924–29).

Tháinig babhta trom den fhliú air i 1905. Níor thug sé aire cheart dó féin agus chuaigh sé in ainseal ann. Tháinig feabhas air tar éis tamaill in Bournemouth. I 1905 freisin ceapadh é ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh agus thug sé cuairt trí mhí ar an Mór-Roinn chun eolas a chur ar mhodhanna nua teagaisc. I ngeimhreadh 1905–6 thug sé a chéad chuairt ar an Eilvéis ar mhaithe lena shláinte. Thairg an tArdeaspag Ó hÉalaithe ollúnacht na Gaeilge i gColáiste Iarlatha, Tuaim, dó agus i ndiaidh shéasúr 1906 i dTuar Mhic Éadaigh chuaigh sé i mbun an phoist sin. Ach b’éigean dó Tuaim a fhágáil chun dul go dtí an Eilvéis arís. Is le linn na cuairte sin i 1906–7 a chuir sé slacht ar Cnoc na nGabha agus a chuireadh sé abhaile na haistí úd a bhfoilseofaí ar ball iad faoin teideal Seilg i measg na nAlp (1917). Bhí sé ar ais i dTuar Mhic Éadaigh i 1907 ach arís b’éigean dó an Eilvéis a thabhairt air féin. Nuair a d’fhill sé i 1908 ní raibh aon fheabhas ar a shláinte. Chuaigh sé isteach i dteach banaltrais Linden sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, agus as sin go dtí Siúracha na Carthanachta i gCrois Araild. Is ann a d’éag sé ar 28 Deireadh Fómhair 1908.

Cuireadh é i Reilig an Chnoic. Éamonn Ceannt a sheinn an ceol caointe ar an bpíb. I Meán Fómhair 1909 nocht an Dr Seán P. Mac Énrí cros cheilteach ag an uaigh. Foilsíodh Sliocht as sgríbhinnibh Mhichíl Bhreathnaigh, maille lena bheathaidh – Tomás Mac Domhnaill do sgríobh i 1913. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht athchló de Mícheál Breathnach: scríbhinní in 2009. Tá aistí cuimsitheacha air ag Risteárd Ó Glaisne in Ceannródaithe: scríbhneoirí na Nua-Ré (1974) agus ag Seán Ó Conghaile in Cois Fharraige le mo linnse (1974). Chraol Raidió na Gaeltachta clár cuimhneacháin "Micheál Breathnach, a shaol agus a shaothar” ar 16 Meán Fómhair 1981.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú