“All folklore is at bottom abominable. I know what folklore is and I would not allow any daughter of mine to study it”. Níorbh in é an t-aon rud amháin a bhí le rá aige le Coimisinéirí an Mheánoideachais in 1899. I dtaobh Silva Gadelica dúirt sé: “No human being could read that book without feeling absolutely degraded by contact with it, with filth which I will not demean myself even to mention”. Cén fáth a ndéarfadh ardscoláire mar Atkinson, saothraí an-dúthrachtach, rudaí chomh míréasúnta áiféiseach sin? Nocht an tOllamh Dáithí Ó hUaithne a thuairim mheáite faoin gceist in Hermathena, Eanáir 1960. “Political pressures exacerbated by the propaganda of Douglas Hyde and the Gaelic League ... had slowly driven Atkinson from the position of viewing Irish literature as typically mediaeval and therefore uninteresting to the point of hysterically attacking it as a welter of indecency”.

In Gateshead i Sasana a rugadh Robert Atkinson ar 6 Aibreán 1839. Tá eolas ar a mhuintir, ar an oideachas a fuair sé agus ar chúrsa a shaoil le fáil in The Dictionary of National Biography. Roimh theacht ag múineadh i gCill Chainnigh dó bhí cúpla bliain caite aige i Liege ag staidéar ar theangacha rómánsacha. Ghnóthaigh sé scoláireacht go Coláiste na Tríonóide in 1862. Faoi 1869 bhí sé ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha ann agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ina Ollamh freisin le Sanscrait agus Teangeolaíocht Chomparáideach. Ní raibh teora lena eolas ar theangacha: Sínis, Coptic, Tamil, Telegu, Eabhrais, Peirsis, Arabais, chomh maith le teangacha na hEorpa. Bhí meas an domhain air.

Toghadh ina bhall den Acadamh Ríoga é ar 11 Eanáir 1875. An tAcadamh a d’adhain a spéis sa Ghaeilge an chéad lá. Faoi 1884 bhí sé ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha ann. Rinne sé go leor a bhí ar fónamh i gcúinsí a linne: The Passions and Homilies from the Leabhar Breac (1887); Trí Bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death le Céitinn (1890) – deirtear ina thaobhsan gur cheart gurbh é ainm Sheáin Pléimeann a bheadh ar an leathanach teidil; réamhráití agus anailísí dá bhfuil i macasamhla na seanleabhar móra a chuir an tAcadamh amach in 1880–1896; The Irish Liber Hymnorum in éineacht le Dr. John Bernard (1898).

I 1901 foilsíodh a Glossary to the Ancient Laws of Ireland. Scríobh Whitley Stokes léirmheas an-ghéar á dhamnú amach is amach, ag liostú 83 rud a bhí ar lár ann agus 200 botún. Ó 1880 amach go dtí 1907 bhí Atkinson i gceannas ar an bhFoclóir Gaeilge san Acadamh. Tá an scéal inste ag E.G. Quin in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785–1985 (1985). Nuair a d’éirigh sé as an obair sin fuair coiste fiosraithe – Kuno Meyer, Éamonn Ó hÓgáin, Edward Gwynn agus L. C. Purser – go raibh lochtanna móra ar an saothar foclóireachta a bhí déanta aige.

Cuireann Dáithí Ó hUaithne an cheist: cén fáth nár chuir sé eolas níos fearr ar an seanteanga agus ar an nGaeilge labhartha? Dá mbeadh a eolas ar an Sean-Ghaeilge agus ar an Meán-Ghaeilge mar an eolas a bhí aige ar an Sanscrait níorbh fhéidir do Stokes a shaothar a lochtú. “If he had spoken modern Irish as well as he spoke French and Russian he would have put most of the Gaelic League at a considerable disadvantage”. Is é freagra Uí Uaithne ar a cheist féin: “Gentlemen do not study patois, especially if the patois is being used as the instrument of a politically distasteful movement”. Ba dhóigh le Dáithí freisin go raibh tionchar Atkinson ar feadh a ré an-díobhálach ar fad do shaothrú na Gaeilge san Acadamh agus i gColáiste na Tríonóide araon.

D’éag sé ar 10 Eanáir 1908 agus adhlacadh é i Waltonwrays, Skipton, Yorkshire. Thuigfeadh duine ón gcéad abairt úd i dtaobh an bhéaloidis go raibh scata iníon aige. Ach níor saolaíodh ach an t-aon leanbh amháin, mac, d’Atkinson agus dá bhanchéile Hannah Maria Harbutt.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú