Fear ardchumasach iltaobhach ba ea é, fealsamh, file, úrscéalaí, iriseoir, sóisialach agus Caitliceach liobrálach ar mhó a bheadh a thuairimí ag réiteach le meon na hÉireann fiche bliain i ndiaidh a bháis.

I gCill Churcaí, Caisleán Laighnigh, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 25 Deireadh Fómhair 1867. Laurence Ryan, maor ag an Templemore Drainage Board a raibh stráice de thalamh portaigh aige mar ghabháltas, a athair agus b’í Johanna Dwyer a mháthair. Dáréag a bhí sa chlann agus bhí tuismitheoirí an athar, Gaeilgeoirí a caitheadh as seilbh a bhfeirme i gClochar Éile, sa teach freisin. Chloiseadh Liam ag Gaeilgeoireacht iad le seanchomharsa mná.

Bhí sé sa scoil náisiúnta i gCaisleán Laighnigh ar dtús agus ansin sa scoil náisiúnta i Luachma. Ceapadh ina mhonatóir é. Tuairim 1880 bhí cumann Gaeilge agus rang ar siúl i Luachma ag Richard Sheehy, muilleoir, athair David Sheehy, M.P. agus an Athar Eugene Sheehy. Liam a bhí ina rúnaí ag an gcumann agus thug Sheehy leabhar Sheáin Uí DhálaighFéin-theagasc na Gaedhilge dó. D’fhoghlaim sé a thuilleadh as leabhair Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge.

Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Talún, ba é Liam a ceapadh ina rúnaí. Bhí sé ina thuairisceoir áitiúil ag an Freeman’s Journal timpeall an ama seo agus foilsíodh véarsaí dá chuid in The Nation agus páipéir náisiúnta na linne. Tá a dhéantús sna duanairí Emerald Gems, 1885 agus Songs for Campaigners, 1887. Thagadh T. P. O’Connor, M.P. go dtí an ceantar chun cabhrú le Conradh na Talún agus Liam a thuairiscíodh a óráidí sna páipéir áitiúla. Ghríosaigh T. P. é chun dul leis an iriseoireacht mar ghairm agus fuair sé obair dó i Londain in The Catholic Times, The Sun, The Weekly Sun, Morning Leader agus Daily Chronicle. Dar le DIB go raibh sé ag obair i Londain mar rúnaí ag Sir Charles Gavin Duffy. Chaith sé tamall gairid san India i mbun a ghnó. Bhí aithne aige ar an nGinearál Booth agus scríobh leabhar ar Arm an tSlánaithe, The Romance of a Motor Mission.

Bhí sé sa Southwark Literary Society, san Irish Literary Society agus sa Chonradh chomh luath is a bunaíodh i Londain é. Chrom sé arís ar staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Phós sé Elizabeth, deirfiúr leis an bhfile Thomas Boyd. Deirtear gurbh é féin agus Boyd a thug ar Phádraic Ó Conaire gan tiontú chun an Bhéarla.

In 1893, foilsíodh The Heart of Tipperary, a romance of the Land League agus an bhliain dár gcionn The Irish Literary Revival, its history, problems and possibilities. Faoin ainm cleite ‘Kevin O’Kennedy’, foilsíodh Starlight through the Roof in 1895. Bhí a ainm á lua nuair a bhíothas ag lorg eagarthóra do An Claidheamh Soluis i 1902. An bhliain sin a bhí an chéad aiste Gaeilge i gcló aige sa pháipéar sin. Tháinig sé chun cónaithe san Uaimh i 1905 nuair a ceapadh ina eagarthóir ar an Irish Peasant é. Íobairt an-mhór ba ea an t-aistriú. £200 sa bhliain a bhí aige mar eagarthóir liteartha sa Daily Chronicle agus ní bhíodh le fáil aige in Éirinn ach dhá ghiní sa tseachtain. Chuir na húinéirí clabhsúr ar an Irish Peasant nuair a dúirt an Cairdinéal Ó Maolmhaodhóig gur pháipéar frith-Chaitliceach a bhí ann. Chuir Liam a pháipéar féin The Peasant ar bun i 1907. Mhair sé go dtí deireadh 1910. The Irish Nation a bhí air ar ball.

Tháinig a chéad leabhair Ghaeilge amach i 1904: Grádh agus Gréithidhe agus drámanna eile agus Sidheoga ag obair (scéalta don aos óg). Ó 1906 amach bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé Patria Poetica, g.d; The work of the Gaelic League: points for Irish people in Britain ..., 1902; Doctor Socialism and the Irish hypochondriac, [?1909]; Cuaird na Banríoghna, 1910 (dráma); An t-oide ar Thír na nÓg, 1910 (dráma); The Celt and the cosmos, 1914; Poets in paradise, 1930. Foilsíodh a úrscéal The Plough and the Cross i 1910. Ba é Liam ba mhó faoi deara gur thug gluaiseacht an lucht oibre Séamus Ó Conghaile abhaile as Meiriceá. Dúirt Ó Conghaile faoi gur chosúla le Críost é ná éinne eile dár casadh air riamh. Theip ar The Irish Nation mar gheall ar fhiacha an-troma agus i ndeireadh 1911 thug sé Londain air féin arís. As sin amach, bhí sé ag tabhach clú ar fhoireann an Daily Herald, páipéar sóisialach. I 1912, foilsíodh The Pope’s Green Island agus an bhliain dár gcionn Caoimhghin Ó Cearnaigh, úrscéal dírbheathaisnéiseach a ndéanann léitheoirí faillí ann dar le léirmheastóirí, agus The Labour Revolt and Larkinism. Léiríodh a choiméide aonmhíre Jug of Sorrow sa Mhainistir ar 20 Deireadh Fómhair 1914. In Aibreán 1918, bhí fir a raibh 50 bliain acu á gcoinscríobh agus ar eagla go n-ardófaí an aois arís d’ordaigh úinéir an Daily Herald dó sos a ghlacadh in Éirinn. Chuir sé faoi i Scoil Éanna agus ann a scríobh sé The Irish Labour Movement (1919). I nGaeilge atá an réamhrá. Lean sé air ag scríobh sa dá theanga.

I measc na leabhar, bhí filíocht—Inghean Mhanannáin, 1917 agus Féile na nÓglach, 1921—agus leabhair mar Lessons from Modern Language Movements, 1926 (eagrán nua), Gaedhealachas i gCéin, 1933, agus Feilm an Tobair Bheannuighthe, 1936. Bhíodh aistí fada aige i dtaobh filíochta agus fealsúnachta i gcló sna hirisí freisin. I ndiaidh dó titim ar an leac oighir sa tsráid, d’éag sé i Londain ar 31 Nollaig 1942. Mac dó Desmond Ryan, staraí agus beathaisnéisí. Col ceathrair leis ba ea an tAthair John Ryan, comhairleoir F. D. Roosevelt i dtaobh cúrsaí comhdhaonnacha.

Tá aistí cuimsitheacha i dtaobh beatha agus saothair Uí Riain ag Risteard Ó Glaisne in Ceannródaithe, 1974, agus ag Brian Inglis in The Shaping of Modern Ireland, 1960 (in eagar ag Conor Cruise O’Brien).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú