In Inse Geimhleach, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 29 Feabhra 1912. Feirmeoir a athair Con Ó Laoire agus ba í Nóra Ní Shúilleabháin a mháthair. Le Béarla a thóg siad Donncha agus an cúigear eile clainne ach bheadh Gaeilge ar a dtoil acu go léir ar ball. Cainteoirí dúchais Gaeilge ba ea tuismitheoirí an athar agus na máthar.

I ndiaidh tamaill sa scoil náisiúnta chuaigh sé isteach i gColáiste Chaoimhín, ceann de na coláistí ullmhúcháin, agus ansin go dtí Coláiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. Fuair sé post múinteora i Loch Garman. Ann a casadh air Celia Mooney agus phós siad i 1938. Fuair sé post in Inse Geimhleach agus le linn dó bheith ann ghnóthaigh céim B.A. i gCorcaigh. Bhí sé ar ais ag múineadh i Loch Garman sular aistrigh sé go Baile Átha Cliath.

Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943 mar ghléas chun comheagar a chur ar obair na n-eagraíochtaí éagsúla. Ba é Donncha an chéad rúnaí buan lánaimseartha acu nuair a ceapadh é i 1947. Ar feadh ocht mbliana déag ba é an duine ab aitheanta é den dream beag arbh í obair na hathbheochana ba shlí bheatha dóibh. ‘Déarfainn gurbh é an rúnaí ba shlachtmhaire dá raibh go dtí sin in obair na Gaeilge. Bhí daonnacht, caoimhe, umhlacht agus uaisle ann’, dúirt Micheál Mac Cárthaigh in Feasta, Iúil 1965. Labhair Breandán Ó hEithir in Comhar den mhí chéanna ar an bhfuinneamh smachtaithe a bhí ann agus ar an miotal taobh thiar den tséimhe. In RTÉ Guide 4 Meitheamh 1965 dúirt Seán Mac Réamoinn: ‘Ba mhó d’aspal ná de rúnaí é: pé acu ag plé le Club Leabhar nó Cumann Drámaíochta nó eile é, ba léir don dall gur chreid Donncha Ó Laoire go hiomlán sa chúis a bhí sé a áiteamh agus go raibh sé sásta gach bua agus gach féith dá raibh aige a chur mar thaca leis an gcreideamh san’.

Cuimhnítear go háirithe ar an mbaint a bhí aige leis an gClub Leabhar, na coláistí samhraidh, na meamraim a cuireadh faoi bhráid an rialtais, feachtas na síniúchán (‘Let the Language Live’) i 1964.

D’iompaigh sé ceannlitreacha a ainm droim ar ais chun ainm cleite a chumadh dó féin-Laoiseach Ó Deá. Bhí pobal éisteachta raidió nach n-aithneodh faoina cheartainm é. Gné dá shaol a bhí dealaithe amach ón sclábhaíocht laethúil ar son na teanga ba ea na cláir raidió a chraoladh sé: Tásc agus Tuairisc, Mar Chítear Domsa é, Glac a bhFaghair agus Ar Fud na Tíre. Ó thús bhí sé ag maolú ar a Mhuimhneachas féin agus ón uair a foilsíodh an caighdeán oifigiúil i 1958 is ag iarraidh go comhfhiosach an caighdeán a labhairt a bhí sé. Ar 25 Bealtaine 1965 ‘fuair sé bás i ndeireadh a lae oibre: lá a bhí caite le réiteach, le argóint, le feachtas nua eile’, mar a dúirt Breandán Ó hEithir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú