ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil Ó GRÍOBHTHA, Micheál (18691946)

I gCathair Aoidh, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, a saolaíodh é ar 21 Eanáir 1869. Feirmeoir beag a athair Tomás Griffin. Ellen Clohessy a mháthair agus bhí seisear eile sa chlann. Chloiseadh sé Gaeilge sa teach agus sa chomharsanacht agus, cé gur Béarla a labhraítí leis i gcónaí, bhí lántuiscint aige ar an nGaeilge. Le múinteoireacht a chuaigh sé ar feadh a cúig nó a sé de bhlianta. Chaith sé bliain díobh ar Inis Chathaigh. Fuair sé an dara háit sa Bhreatain agus in Éirinn i gcomórtas d’oifigigh chustaim agus máil. I mBéal Feirste a bhí sé i dtosach ó 1893 go 1896. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge sa chathair sin. Ó 1896 go 1903 bhí sé ag obair i nGlaschú. Ba ghairid go raibh sé ina rúnaí ag coiste dúiche den Chonradh agus rang á mhúineadh aige. Meastar gurbh ansin a thosaigh sé ag scríobh. ‘Cos Obann’ an t-ainm cleite a mbaineadh sé feidhm as. Thugadh dualgais a phoist ó thuaidh go dtí an Ghaeltacht é agus bhíodh sé ag iarraidh Gaeilge na nAlban a labhairt.

I mBéal Feirste arís ó 1903 go 1913. Bhí sé ina rúnaí ag Craobh Oisín agus rang ar siúl aige. Casadh Mary Anne Brohan as Cill Dalua air ag céilí. Bhí sí in oifig an phoist agus pósadh iad i 1907. Bhí cúigear clann acu. Aistríodh Micheál go Baile Átha Cliath i 1913. Ó 1922 go raibh sé sna seachtóidí is sa Roinn Oideachais a bhí sé ag obair agus bunáite na tréimhse sin sa Ghúm. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann. Scéalta agus aistí aige in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Tír agus An Scuab agus scríobh sé na leabhair seo: ‘Go mBeannuighthear dhuit’ i. eachtra thar eachtraibh, 1925; Lorgaireacht, 1927; Bean an Bhrait Bháin, 1928 (dráma); Briathar mná, 1928; Buaidh na Treise: ‘Cogadh Gaedheal le Gallaibh’, 1928; De Dhroim na hAille, 1935 (dráma). D’aistrigh sé At the Villa Rose (A. E. W. Mason), The Moonstone (Wilkie Collins), An Finn Dia, 1935 (The Fair God le Lew Wallace); An Chéad–Chuairt ar an nGealaigh, 1938 (First Men on the Moon le H.G. Wells); Ciarraidhe, 1941 (County Histories 1V: Kerry). I 1937 bhuaigh a chnuasach de ghearrscéalta agus d’aistí Cathair Aoidh Duais an Chraoibhín. Is ar 19 Deireadh Fómhair 1936 a aistríodh Mícheál Ó Gríobhtha ón Roinn Oideachais chun go rachadh sé i mbun aistriú an Bhunreachta, an saothar aistrithe ba thábhachtaí dá ndearna sé. Gheofar cuntas mion ar a ndearna sé d’obair ar an mBunreacht in Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text, 1999 le Micheál Ó Cearúil. Is é a deir seisean: ‘The original draft of the Irish text was made by Mícheál Ó Gríobhtha, a native of Co. Clare chosen personally by Éamon de Valera for this task... The background to the Irish version of the Constitution, and particularly Micheál Ó Gríobhtha’s contribution, is the subject of a comprehensive article, published in Feasta (Deireadh Fómhair 1988) by ... Breandán Mac Giolla Choille’. (‘Deir Ó Cearúil gurbh é Mícheál Ó Gríobhtha ó Chontae an Chláir a scríobh an chéad dréacht den téacs Gaeilge agus gurbh é Éamon De Valera féin a roghnaigh Ó Gríobhtha chun dul i mbun na hoibre sin’). D’éag sé ar 26 Nollaig 1946 agus trí lá ina dhiaidhsean bhí de Valera ag labhairt ag comóradh chéad bliain Pharnell sna Creaga, Co. na Gaillimhe, agus dúirt sé: ‘Inné bhíos ar shochraid an fhir a rinne an chéad bhunleagan Gaeilge de Bhunreacht na hÉireann—Micheál Ó Griobhtha, go ndéana Dia maith air’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta