An rud is iontaí i dtaobh an ‘réamh-Chonrathóra’ seo gur i Sasana a chaith sé a shaol ar fad beagnach ó bhí sé seacht mbliana d’aois. I gCnoc na Coilleadh,Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 5 Aibreán 1846. Pádraig Ó Flannghaile a athair agus Sadhbh Ní Chlochartaigh as Conga a mháthair. In 1853 b’éigean don teaghlach dul thar tír amach agus chuir siad fúthu i Manchain. D’fhreastail sé ar Scoil San Uilfrid ansin. Chuaigh sé le múinteoireacht. Faoi 1865 bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Oiliúna do Chaitlicigh i Hammersmith. Fuair sé ollúnacht sa Bhéarla agus sa litríocht ann ar ball agus chaith ocht mbliana sa phost sin. Fuair sé post ansin i gColáiste Bede i Manchuin. In 1876 d’fhill sé ar Londain agus bhí post aige san Acadamh Caitliceach in Kennington go 1887.

Bhí sé gafa le cúrsaí na hÉireann agus na Gaeilge ó thús. I Manchuin bhí sé féin agus a athair sna Fíníní. Casadh fear dar sloinne Ó Corragáin air sa chathair sin. Ba é clódóir an Keltic Journal and Educator é agus eisean a thug oiliúint i léamh agus scríobh na Gaeilge do Thomás. Bhíodh sé ag aistriú dánta ón mBéarla agus ón Laidin. In 1879 chuir sé Gaeilge ar dhán le Walt Whitman.

Bunaíodh an Southwark Literary Society in 1883. Bhí Tomás gníomhach ann agus rang Gaeilge ar siúl aige faoina choimirce. Ón gcumann sin a shíolraigh an Irish Literary Society i Londain agus bhí rang ar siúl aige ansin freisin. Idir 1887 agus 1893 bhí post aige i scoil ghramadaí in Forest Gate. Ó 1894 go dtí 1907, nuair a d’éirigh sé as obair, bhí sé ag múineadh sa City of London Teacher Day Training College.

In 1896 foilsíodh a Laoi Oisín ar Thír na nÓg. An bhliain chéanna sin tháinig amach uaidh sraith aistí dar teideal For the tongue of the Gael. B’in é an leabhar a chuaigh i gcion ar an bPiarsach go mór nuair a roghnaigh sé mar dhuaisleabhar ar scoil é. Bhí comhfhreagras acu le chéile nuair a bhí an Piarsach ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis. Chuireadh sé ailt Thomáis i gcló ann. Chuir sé eagar ar Eachtra Ghiolla an Amaráin: or, The adventures of a luckless fellow, and other poems in 1897.

In 1896 nuair a bhí sé ina chathaoirleach ar fhochoiste den Irish Literary Society chuir sé ciorclán amach ag lorg tacaíochta d’eagraíocht nua. B’in é an chaoi ar bunaíodh Cumann na Scríbheann Gaeilge in 1898. Bhí sé i gceist ag an gCumann eagrán de Betha Colaim Chille (foilsíodh é in Chicago i 1919, é in eagar ag A. O’Kelleher [Aindrias Ó Ceileachair (qv) agus G. Schoepperle (qv). D’fhéach Scoil an Léinn Cheiltigh chuige gur foilsíodh athchló i 1994), Mhaghnais Uí Dhomhnaill, maille le haistriúchán, a thabhairt amach. Tomás a bhí ina bhun. B’éigean dóibh éirí as an bplean sin ó tharla eagrán a bheith á ullmhú ag Risteard de Hindeberg don Zeitschrift für celtische Philologie.

In 1898 freisin a bunaíodh craobh Forest Gate de Chonradh na Gaeilge agus toghadh Tomás ina uachtarán. Chum sé ‘Moladh Brighde Naofa’ i 1902. Tá an t-iomann seo dar céadline ‘Gabhaim molta Bhríde’ i gcló in Leabhar Iomann Veritas ach ní luaitear ainm Thomáis leis.

Nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 i Londain bhí cónaí air ag 38 St. George’s Road, West Ham. Bhí sé 54 bliain d’aois. ‘College tutor’ an cur síos a rinne sé ar a shlí bheatha. Bhí sé pósta ar Maria (51), múinteoir (‘certified teacher’) a rugadh in Great Marlow, Bucks. Bhí cúigear leanaí sa teach: Mary (24); Nora (19); William (17). In Forest Gate, Essex, a rugadh an bheirt eile. Ní raibh post ag aon duine díobh. D’éag an dara hiníon, Nóra, in aois 33 bliana di ar 7 Bealtaine 1915 i dteach a hathar, 38 St George’s Road, Forest Gate, Londain. In An Glór 31 Eanáir 1942 tá tuairisc ar bhás a iníne Máire i Sasana. Ó 1935 bhí sí ina huachtarán ar an gConradh i Londain. Bhíodh rang aici do mhúinteoirí na gcraobh gach samhradh. Bhí sí seal ina heagarthóir ar iris na heagraíochta i Londain, Féile na nGael. Bhí post múinteora aici ach chaith sí suas é cúpla bliain roimh a bás agus bhí ina cónaí lena deartháir.

In Irisleabhar na Gaeidhlge Bhealtaine 1904 tá achainí a scríobh Torna á thabhairt le fios go raibh Tomás bocht drochshláinteach agus i ngannchuid. Mhol Torna obair Thomáis ar son na teanga. ‘Obair dháréag’ a thug sé air. Foilsíodh a leabhar deireanach Duanaire na Macaomh i 1910 agus cailleadh é ar 4 Samhain 1916. Bhí roinnt filíochta scríofa aige, cuid di nár foilsíodh riamh. Thug Máire, iníon le Tomás, an cnuasach ar fad do Dhonnchadh Ó Liatháin. D’ullmhaigh seisean Tomás Ó Flannghaile, scoláire agus file. A ré agus a bheatha, a shaothar liteartha agus a fhilidheacht agus foilsíodh é breis agus fiche bliain i ndiaidh bhás Thomáis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú