I dteach tábhairne a athar, Micheál, i gceantar na bhFál Uachtarach, Béal Feirste, i nDeireadh Fómhair 1879 a rugadh é. Brolchánach a mháthair. Fuair sí bás agus é an-óg. Bean de mhuintir Fhidhne a leasmháthair. B’as Baile na Scríne, Gleann Concadhain, Co. Dhoire, dá mhuintir go léir. Le Gaeilge a tógadh a athair go raibh sé seacht mbliana d’aois nuair a fuair a mháthairsean, Sibéal Nic Bhloscaigh, bás. Faoin am ar tháinig Micheál go Béal Feirste mar bhuachaill tábhairne in aois a 17 ní raibh ach marbhchuimhne ar an nGaeilge ag an oidhre seo ar shean-chaithe Ghleann Concadhain.

B’aoibhinn le Séamus óg bheith ag éalú amach as suarachas a thimpeallachta siar go dtí an bhreac-Ghaeltacht timpeall Bhaile na Scríne. Lá lánsamhraidh bhí sé ina leasluí ar stua na Binne Bradaí, radharc aige ar an petite patrie ag síneadh amach roimhe. ‘Chinneas-sa ar an chomhairle tuilleadh eolais do tharraint chugham fa’n Oireacht aoibhinn a bhí thíos fúm agus tuairisc na háille do chraobhscaoileadh le fearaibh Éireann’ (sa réamhrá in Gleanings from Ulster history: punann ó chois Bhanna, 1951). Faoi 1894 bhí sé ag foghlaim Gaeilge. I bhfómhar na bliana sin i mBéal Feirste, agus é fos ina mhac léinn i gColáiste Mhaolmhaodhóg ann, bhí sé i láthair nuair a thug Dubhghlas de Íde léacht ar litríocht na Gaeilge. Níor thuig sé aon chuid den Ghaeilge ón ardán gur labhair Peadar Mac Fhionnlaoich. ‘D’éirigh an croidhe go héadtrom im’ chliabh, mar thuigeas furmhór a chanamhainte’ (Comhar, Lúnasa 1942).

Rinne sé an chéad bhliain sna healaíona i gColáiste na Banríona, Béal Feirste, sular aistrigh sé go dtí Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath den Ollscoil Ríoga mar ar ghnóthaigh sé céim B.A. i 1902. Is léir ó A Page of Irish history: the story of University College, Dublin (1930) go raibh sé ar an mbuíon bheag a chuaigh i gcion go mór ar shaol an Choláiste. Bhí sé cairdiúil ann go háirithe le Seoirse Mac Fhlannchaidh, Tom Kettle agus Con Curran.

B’é an tAthair Éamonn Ó hÓgáin a mhúinteoir Gaeilge. B’eisean faoi deara go bhfuair Séamus eolas sármhaith ar cheird an dinnseanchais. Chabhraigh sé leis an sean-Íosánach an Onomasticon Goedelicum a ullmhú.

I ndiaidh an B.A. bhí sé idir dhá chomhairle cé acu le iriseoircacht nó leigheas a rachadh sé. Cháiligh sé mar dhochtúir i 1909. I 1911 phós sé Mary Cecilia Farren, iníon le úinéir monarcha léinte i Machaire Fíolta, Co. Dhoire. Ó Eoghan Mór Ó Ceallaigh sa Chraobh i mBaile na Scríne a shíolraigh siad beirt (feic lch 466 de Dhá chéad de cheoltaibh Uladh mar a bhfuil na craobha ginealaigh scríofa síos). Ba í Neilí óg Ní Cheallaigh an amhráin sin-sin-sean-mháthair Mháire Ní Fhéaráin. Phós Scán Mac Giollarnáth deirfiúr le Máire.

Bhí cleachtas dochtúra ag Séamus i 53 Bóthar Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, anuas go dtí na luathfhichidí. I ndiaidh a bháis scríobhadh i dtaobh an tí sin: ‘Why should there be anything incongruous in a doctor’s residence whose waiting-room offered you Gaelic magazines only; whose walls were covered with gaily-coloured maps by Boazio and Speed and Norden; whose most private apartment—opened only to kindred spirits—had as its most valued treasures the genealogies of Ua Néill and Ua Catháin; hand-printed copies of sixteenth-century maps or facsimiles of Bardic poems in the British Museum?’ (University Review, Vol. 1, no. 2, 1954). Sa teach sin ar Aoine Chéasta 1916 a bhí an cruinniú cinniúnach úd ag Eoin Mac Néill le Tomás Mac Donnchadha, Seosamh Pluincéad, Art Ó Gríofa agus daoine eile, an cruinniú ag ar scríobh sé na hath-orduithe chun stop a chur leis an Éirí Amach. Tá an aiste ‘An Dochtúir Séamas Ó Ceallaigh agus na hullmhúcháin d’Éirí Amach na Cásca 1916’ ag Nollaig Ó Muraíle in Irisleabhar Mhá Nuad 2005. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí Séamus mar dhochtúir ag Scoil Éanna.

I 1920 bheartaigh sé ar dhíriú ar fad ar liacht bhan. Chaith sé bliain i mbun staidéir i Vín agus ghnóthaigh sé MAO. Chuir sé cleachtas ar bun i Sráid Mhic Liam, Baile Átha Cliath, agus bhí post aige mar léachtaí i gColáiste na hOllscoile. Anuas chomh fada le 1948 bhí sé ina bhall de Choimisiún na nOspidéal. Bhí sé ag gabháil den léann dúchais ar feadh an ama agus tá aistí aige spréite ar fud na n-irisí Gaeilge agus staire. Bhí sé ar an mbeagán amaitéarach a thabhaigh clú na gairmiúlachta le feabhas a scoláireachta agus le cumas ar phrós a scríobh. Tá idir chruinneas agus chroíúlacht ina shaothar agus as an gcomhbhá a bhí aige lena sheanmhuintir a d’eascair siad. In Seanchas Ardmhacha i ndiaidh a bháis dúradh: ‘A word must be said about his book Gleanings from Ulster history. It has been described as a book for the learned only. But surely it should be accepted for what it really is, a magnificent legacy from one of the first scholars of his day to all men of Ulster who value their history.... With Séamus Ó Ceallaigh as guide we shall view this northern land of ours with fuller and clearer vision’. D’fhoilsigh an Ballinascreen Historical Society athchló de Gleanings from Ulster History i 1994. Tá eolas breise ann faoi Shéamus ag a ghariníon agus ag Nollaig Ó Muraíle.

Ginealaigh, amhráin, traidisiúin, logainmneacha, Gaeilge Ghleann Concadhain agus Oirialla, bhí dúil aige sna hearnála sin go léir chomh maith leis an stair. Thug sé cúnamh do Thorna agus é ag ullmhú Cín-lae Ó Mealláin, do Phól Breathnach ag cur eagair ar Imeacht na nlarlaí Uí Chianáin agus d’Énrí Ó Muirgheasa in Dhá chéad de cheoltaibh Uladh. Is fiú a mheabhrú freisin gur thug sé ‘The Verdant Braes of Screen’ do Herbert Hughes (in Irish Country Songs 1909) agus ‘Sliav Gallion Braes’ do Charl de Hardebec (in Gems of Irish Melody: Seoda ceoil, 1910).

D’aistrigh sé dhá leabhar: The Black Prophet (An Fáidh Dubh, 1940) le William Carleton agus The Pike Men le S. R. Keightley (Lucht pící a’s sleagh, 1936). Is deacair gan a mheas gur chun canúint Bhaile na Scríne a bhuanú ar phár a tharraing sé an saothar sin air féin.

Mac dó Cormac Ó Ceallaigh (a ainmníodh as fear cáiliúil eile de Cheallaigh Ghleann Concadhain, Cormac na gCláirseach), Ollamh Sinsearach i Scoil na Fisice Cosmaí d’Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath. Is ar 27 Deireadh Fómhair 1879 a rugadh Séamus ag 25 John Street, Béal Feirste. Jane ba ainm dá mháthair. In Éirí Amach 1916 bhí sé ar dhuine díobh sin ar glaodh orthu chun dul i gcabhair ar fhir ghortaithe in Ardoifig an Phoist. D’éag an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh ar 2 Eanáir 1954.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú