Rugadh an matamaiticeoir cáiliúil ar 12 Bealtaine 1820 i mbaile fearainn Chúil Aitinn i bparóiste Choill Bheithne, Co. Luimnigh. Deirtear gur bhásaigh a thuismitheoirí in aois a naoi mbliana dó agus gur comharsana a rinne cúram de. Phós se Catherine Ryan in 1847 and bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Ó 1875 amach is ag 86 An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. Bhí sé ar scoil scairte ar dtús agus i mBaile Mhistéala ansin. D’éirigh leis bheith ina mhúinteoir náisiúnta agus bhí sé i gCeapach Choinn mar ar mhúin sé matamaitic d’athair an mhatamaiticeora eile úd, Pádraig de Brún agus é ag iarraidh cáiliú mar mhúinteoir. Bhí sé i mBaile Thiobraid Árann agus ansin ina phríomhoide sa Mhodh-Scoil Láir i gCill Chainnigh. Cuireadh cor ina shaol ansiúd nuair a casadh dó céimí óg a bhí ag fáil bháis den eitinn. Gach uair a théadh Ó Cathasaigh ar cuairt chuige is ar mhatamaitic a dhéanaidís a gcomhrá. De bharr ar fhoghlaim sé d’aimsigh sé réiteach céimseatúil ar theoirim Phoncelet agus chuir sin tús le comhfhreagras leis na scoláirí George Salmon (1819–1904) agus Richard Townsend (1821–84) . Townsend a d’áitigh air dul isteach mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide in 1859. Ghnóthaigh sé céim ann in 1862. Bhí post múinteora aige i Scoil na Carraige, Dún Laoghaire, ar feadh an ama agus anuas go dtí 1873. Toghadh ina bhall den Acadamh Ríoga é in 1866 agus bronnadh dochtúireacht oinigh air in 1869. Tairgeadh ollúnacht dó i gColáiste na Tríonóide ach d’iarr an tArdeaspag Pól Ó Cuilinn air glacadh le post san Ollscoil Chaitliceach, rud a rinne sé, cé gur lú an tuarastal.

Scríobh sé cuid mhaith téacsleabhar agus páipéiri, agus toghadh ina bhall de chumainn léannta go leor é le barr measa air. Ach níor thréig sé a shimplíocht dhúchais riamh. Lean sé air le práta agus scian ag tabhairt rúin na triantánachta sféarúla i léire os comhair a ranga san Ollscoil Ríoga (Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath) in 86 Faiche Stiabhna.

Bhí Gaeilge ó dhúchas aige agus ar 27 Nollaig 1883, ag an chéad mhórchruinniú de Aontacht na Gaeilge, rinne sé gaisce as Gréigis, Laidin agus Béarla féin a bheith foghlamtha trí mheán na Gaeilge. D’éag sé ar 3 Eanáir 1891.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú