Murab ionann is muintir na Gaeilge i gcoitinne tá teacht ag an bpobal ar chuntais iomlána ar shaol Thomáis Ághas. I gCinn Aird, Lios Póil, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 12 Eanáir 1885. Griaire Ághas agus Eibhlín Ní Ainífín a thuismitheoirí. Feirmeoir ba ea Griaire agus bhí cáil na scoláireachta agus na hamhránaíochta air. Cé go raibh an dátheangachas i réim cheana féin sa cheantar bhí cáil na Gaeilge ar an teaghlach.

Chuaigh Tomás chuig Scoil an Aird Mhóir. Fuair sé post monatóra ann i 1900. Bhuaigh sé Duais Uí Mhaoildheirg (Reid Prize) faoi dhó. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge. Scríobh sé dráma, An Puncán, a léiríodh ag Feis an Daingin agus i dTrá Lí. I 1905 chuaigh sé go dtí Coláiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. I ndiaidh a cháilithe mar mhúinteoir fuair sé post mar oide cúnta sa Mhin Aird Bhuí. Ach gairid ina dhiaidh sin ceapadh ina phríomhoide é i gCorr Dhubh in aice le Lusca i gContae Bhaile Átha Cliath. Bhí sé gníomhach sna hÓglaigh ó 1913 ar aghaidh. I 1914 bhí sé ag timireacht thar ceann Chonradh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe. Bhailigh sé roinnt mhaith airgid. Bhí sé ag bailiú do na hÓglaigh freisin. Ceapadh ina cheannaire é ar chath Fhine Gall de na hÓglaigh. Gabhadh é i 1916 i ndiaidh an chatha i gCill Dhéagláin.

Chaith sé tamaill in Lewes agus in Maidstone. Lena linn a scríobh sé an dán “Let me carry your cross for Ireland, Lord”. Scaoileadh saor é i 1917. Thosaigh sé ag timireacht do Shinn Féin agus ar 23 Iúil thug sé caint uaidh i mBéal Átha na Lao i gContae an Longfoirt. Cuireadh ina leith gur ag iarraidh a lucht éisteachta a spreagadh chun meirleachais a bhí sé. Tá cur síos ag Seán Ó Lúing in I die in a good cause (1970) ar ar tharla ina dhiaidh sin. Is fiú freisin aiste Sheáin in The Capuchin Annual 1967 a léamh. Iarracht ar bhia a chur siar air le fórsa ba thrúig bháis dó.

D’éag Tomás ar 25 Meán Fómhair 1917. Bhí a chorp i Halla na Cathrach ar dtús agus tháinig na mílte ag tabhairt ómóis dá chuimhne. Ócáid mhór pholaitiúil a bhí sa tsochraid. Bhí 9,000 Óglach agus 18,000 ceardchumannaí aici. Ba é Micheál Ó Coileáin a labhair cois na huaighe. Fear tréitheach ba ea Tomás: bhí sé óg dathúil; file, ceoltóir agus amhránaí ba ea é: péintéir maith amaitéarach é. Bhí sé cairdiúil le Jim Larkin agus Sean O’Casey. Bhí ardmheas air mar oide scoile i Lusca. Bhí rud éigin laochta rómansúil ag baint leis. Caitheamh an fhillidh bhig agus bunú Phíobairí an Bhrain Dhuibh an léiriú is fearr ar an taobh sin dá phearsantacht.

Scríobh an tAthair Seosamh Ó Muirthile leabhar air, Tréithe Thomáis Ághas (1967). Cuireadh amach stampa ina onóir i 1985 agus pictiúr den Ághasach le Seán Ó Súilleabháin air .

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú