An lá a fuair sé bás dúirt Liam Ó Buachalla sa tSeanad: ‘Thaispeáin Cú Uladh dúinn cad ba dhúthracht agus cad ba dhílseacht ann’. Rugadh é ar 5 Deireadh Fómhair 1856 in Allt an Iarainn, Gleann tSúilí, Co. Dhún na nGall. Feirmeoir a athair Micheál agus ba í Susan Toner an mháthair. Bhí naonúr eile sa chlann. D’aistrigh an teaghlach go na Bruíonacha, áit a raibh an Ghaeilge ag géilleadh don Bhéarla. Ach cuireadh Peadar chun cónaithe go ceann tamaill de bhlianta le gaolta i nGleann Domhain. B’í an Ghaeilge gnáth-theanga an tí sin agus ann a d’fhoghlaim Peadar í.

I ndiaidh freastail ar an scoil náisiúnta ann chaith sé bliain sanArd-Scoil i nGlas Naíon agus dhá bhliain i gColáiste na Carraige Duibhe. D’éirigh leis post a fháil san oifig chustaim agus máil. Seacht mbliana agus daichead a chaith sé ag obair dóibh, an chéad 19 díobh sin i Sasana. Fianaise ar an spéis a bhí aige sa Ghaeilge agus é i gcéin an píosa di a bhí i gcló aige in The Donegal Christmas Annual 1883, a raibh sé ina eagarthóir air. D’fhill sé ar Éirinn bliain úd bhunú Chonradh na Gaeilge agus labhair sé ag cruinniú tionscnaimh na chéad chraoibhe i mBéal Feirste ar 19 Lúnasá 1895. Ina theach ag 32 Bóthar Beersbridge a bhí céad chruinniú na Craoibhe. Bhí aiste spéisiúil aige faoina theacht abhaile go hÉirinn agus faoi bheith i Lios na gCearrbhach roimh bhunú an Chonartha in An Claidheamh Soluis 8 Deireadh Fómhair 1904 et seq.

B’é an chéad Chonallach é dá raibh ag scríobh i ré thosaigh na hathbheochana. Thug sé faoi deara i 1900 nach raibh curtha isteach ag aon Ultach ar na comórtais liteartha san Oireachtas. Ghoill sé air an lámh uachtair a bheith ag na Muimhnigh sa nualitríocht. ‘Cú Uladh’ an t-ainm cleite a roghnaigh sé dó féin. In 1899 léiríodh The Passing of Conall, dráma a leagtar ar an Athair Ó Gramhnaigh go hiondúil, i mBéal Feirste agus i nDoire. Is spéisiúil go raibh páirt ag Cú Uladh agus gur i nGaeilge a bhí ceann amháin de na radhairc. Ar 27 Lúnasa 1901 léirigh Frank agus Willie Fay agus an Ormonde Dramatic Group dráma Pheadair, Eilís agus an bhean déirce san Antient Concert Rooms i mBaile Átha Cliath. I mBéal Feirste ar 1 Samhain 1900 a léiríodh a chéaduair é. Is gnách a rá gurbh é Tadhg Saor an Athar Peadar an chéad dráma riamh dár léiríodh (i Maigh Chromtha ar 13 Bealtaine 1900) agus gurbh é Casadh an tSúgáinan Chraoibhín an chéad dráma a léiríodh in amharclann (sa Gaiety, Baile Átha Cliath, ar 21 Deireadh Fómhair 1901). Cibé sainmhíniú a bheadh ar ‘amharclann’ dhealródh sé nár tugadh an t-aitheantas cuí do dhráma Pheadair. Tá leagan Béarla i gcló in Lost plays of the Irish Renaissance le Hogan agus Kilroy (California, Dixon, 1970).

Scríbhneoir cumasach bisiúil ba ea é as sin amach. Tá a chuid leabhar liostaithe in Donegal Authors le Dr. B. O’Hanrahan (1982). I 1902 bhuaigh sé duais an Oireachtais lena A handbook of Irish teaching founded on the discoveries of M. Gouin, with a set of Gouin series and a vocabulary, 1902, ina bhfuil modh Gouin curtha in oiriúint do theagasc na Gaeilge. Bhí tionchar ag an leabhar sin, agus ag an díospóireacht a lean a fhoilsiú, ar bhunú Choláiste na Mumhan i 1904. Leabhair eile leis is iad: Eilís agus an bhean déirce, [c.1901]; Miondrámanna [An Táilliúr cleasach; Dochtúireacht nuadh; Eilís agus an bhean déirce], 1902; An Pléidhseam. Trí sgéalta draoidheachta ó Thír Chonaill, 1903; Possibilities of Irish industry, 1905; ‘Tá na Franncaighe ar an muir’. A Gaelic drama with an English version, [?1905]; An léightheoir Gaedhealach. Peadar Mac Fhionnlaoich agus Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chuir le chéile, 1907; Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill, 1911; Ciall na sean-ráidhte: Sé sgéalta gearra nuadh-dhéanta, 1914; Conchubhar Mac Neasa, 1914; An Cogadh Dearg agus Scéalta eile, [c.1918]; Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh: ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go hEaspog Ó Gallchobhair (1750), 1925.

Bhí aird an phobail air i 1905 toisc eachtra i gCúil an tSúdaire. Bhí Craobh Ruairí Uí Mhórdha bunaithe ann ag Cú Uladh agus Stiofán de Róiste. D’éirigh easaontas fíochmhar idir iad agus sagairt an pharóiste. Bhí fear de na sagairt ina uachtarán ar an gCraobh agus fear eile diobh ina leasuachtarán. Faoi rang measctha do bhuachaillí agus cailíni na Craoibhe an raic. Tá cur síos air sa leabhrán The Autobiography of the Rory O’More branch of the Gaelic League. Bhuail Liam Bulfin le Cú Uladh timpeall an ama seo agus dúirt ina thaobh: ‘.... a man for any emergency, resourceful, clear-sighted and strong, able to master emotion and impulses and to strike with cool ferocity at the right time without a thought of fear and with his mind made up to face the consequences’.

I Nollaig 1923 bhí sé ina chathaoirleach ar an gcruinniú a bhunaigh Comhaltas Uladh (níorbh ionann é agus Comhaltas Uladh a bhunaigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh trí bliana ina dhiaidh sin) chun Gaeilge Uladh a chur ar aghaidh. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1922 go 1925. Cuireadh ina leith gurbh uachtarán rópholaitiúil é, cé gur dhúirt sé féin nár cheart go mbeadh aon pholaitíocht sa Chonradh. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ar feadh breis agus daichead bliain agus bhí sé tamall ina uachtarán ar An Fáinne. D’ainmnigh Éamon de Valera ina Sheanadóir é i 1938. Riamh níor labhair sé sa tSeanad ach i nGaeilge amháin.

Bhí sé pósta ar Shibéal Ní Uadhaigh (Elizabeth Woods). Chonaic sé den chéad uair í nuair nach raibh inti ach leanbh dhá bhliain d’aois ag dreapadóireacht timpeall na cistine i dteach a hathar sa Bhogach lámh leis an Lagán. Bhí sí 18 mbliana nuair a pósadh iad in 1895. Rugadh cuid mhór leanaí dóibh agus thóg siad an dáréag a mhair le Gaeilge agus Béarla.

Nuair a d’éirigh Peadar as a phost sa státseirbhís d’oscail sé siopa troscáin i Sráid Fheardorcha i mBaile Átha Cliath. Bhíodh ceant aige gach seachtain. Nuair a theip ar an ngnó sin chuir sé tús le siopa leabhar ar Ché Wellington. Lean sé ar feadh tuairim seacht mbliana.

Cailleadh Peadar ar 1 Iúil 1942. Dúradh go minic gurbh fhear achrannach é. Ach dar le Séamus Ó Ceallaigh gur dhuine é ‘a bhí chomh simplí ina thréithe, chomh lághach cuideachtúil cois teallaigh, chomh annamh sin agus spíd ina bhéal in aghaidh an namhaid—go fiú na naimhde nGallda’. Mhol an Craoibhín a dhíograis á rá nach raibh aithne aige ar aon duine ba dhílse i ngach cúis dár bhain lena thír dhúchais. In eagarfhocal Comhar i ndiaidh a bháis dúradh: ‘... Cú Uladh ag éileamh don Ghaeilge an réim is dual di. Mar sin a bhí sé i rith a shaoil, gan neomat sosa, gan cúlú órlach, gan cuspóir a bheatha do dhul i ndearmad riamh air ...’.

Deartháir leis an Micheál Mac Fhionnlaoich (1852–1940) a scríobh an bailéad Béarla ‘Glenswilly’. Deirfiúr leis ba ea an banfhile Bríd Nic Fhionnlaoich (1861–1849) . Bhí a mhac Diarmuid ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna 1940idí deireanacha. Ba é an t-aon sampla amháin é d’athair agus mac sa phost sin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú