Protastúnaigh uasaicmeacha a bhí nasctha le Co. Aontroma leis na céadta bliain ba ea na Dobbs. Dílseoirí iad go léir ach amháin an feisire Francis Dobbs (1750–1811) a vótáil in aghaidh Acht na hAontachta. Bhí a dheartháir Arthur ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus ina Ghobharnóir ar Charolina Thuaidh. Garmhac don Francis sin ba ea Edward Conway Dobbs, Ard-Sirriam Charraig Fhearghais agus Co. Lú, breitheamh síochána i gContae Aontroma. Bhí sé pósta ar Sarah, iníon le St Clair Kelvin Mulholland as Eglantine, Co. an Dúin. Rugadh Margaret, nó Maighréad Ní Choinmhidhe Dobbs, dóibh ar 19 Samhain 1871.

Bhí an teaghlach ina chónaí ar feadh tamaill i dteach Dalgousie, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Tharla go raibh máistreás ag Margaret a bhí eolach ar Ghaeilge na hAlban agus meastar gurbh ise a dhírigh aird an chailín óig ar an nGaeilge. Cé nach raibh aici ach 12 bliana d’aois ag an am rinne sí iarracht múinteoir Gaeilge a fháil ach theip uirthi.

Nuair a d’éag an t-athair in 1898 d’aistrigh an teaghlach go dtí Gleann Aireamh. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil go fóill i nGlinnte Aontroma. Ach máistir scoile ó Chontae Mhaigh Eo, Aodh Ó Flaitile, an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí aici.

I 1904 cuireadh tús le Feis na nGleann agus bhí Maighréad ina ball den chéad choiste agus ina rúnaí litríochta ar feadh na mblianta fada. Thosaigh sí ag freastal ar Choláiste Uladh i gCloich Chionnaola nuair a bunaíodh é i 1906 agus bhí sí ina cisteoir ag an gcoláiste sin ar feadh tamall fada. Áirítear í mar dhuine a thugadh léachtaí do na mic léinn ar sheanstair na hÉireann.

Níl aon amhras ach go raibh staidéar domhain déanta aici ar stair, seandálaíocht, ginealas agus litríocht na hÉireann. Ó 1910 ar aghaidh bhí aistí i gcló aici sna hirisí léannta: Zeitschrift für celtische Philologie, Ériu, Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Études Celtiques, Revue Celtique, Ulster Journal of Archæology, Co. Louth Journal of Archæology.

Dlúthchairde ba ea Maighréad agus Ruairí Mac Easmainn. Nuair a d’fhill seisean ó Putumayo agus é in easláinte is ina teach in Portnagolan a d’fhan sé. Chabhraigh sise chun costais na trialach a íoc i 1916 agus is aici a d’fhág sé a cháipéisí agus a chuimhneacháin phearsanta. Tamall fada ina dhiaidh sin dúirt sí faoi: ‘Déarfainn leat go bhfuil agus go mbeidh meas thar fóir agam ar thréithe, ar iompar agus ar ghlaine chroí Mhic Easmainn. Ní thig liom a rá go raibh an meas céanna agam ar a chuid breithiúnais a bhí beagán iomrallach uaireanta’.

Ní fios ar náisiúnaí í. Éire Ghaelach taobh istigh den Impireacht a bhí uaithi, b’fhéidir. Bhí a deartháir i measc na nAontachtóirí a bhailigh na gunnaí ón Clyde Valley i Latharna i 1914. B’fhéidir go raibh an dá dhílseacht ag teacht salach ar a chéile. Deirtear go gcaitheadh baill Choiste Fheis na nGleann teacht ar aire ina teach nuair a sheinneadh sí Amhrán na bhFiann ar an ngramafón!

I 1946 bhronn Coiste na Feise gradam maisithe uirthi mar chomhartha ar an obair go léir a bhí déanta aici. Agus í ag tabhairt freagra dúirt sí: ‘Ireland is a closed book to those who do not know her language. No one can know Ireland properly until one knows the language. Her treasures are as hidden as a book unopened. Open the book and learn to love your language ...’.

Bhí ardsuim aici i gceol. Thaithíodh sí na féilte ceoldrámaíochta i Loch Garman gach bliain. Sheinneadh sí an t-orgán san eaglais i mBun Abhann Dalla fiú nuair a bhí aois mhór aici. Bhí spéis aici freisin sa drámaíocht agus bhain dráma a scríobh sí, The Doctor and Mrs McAuley, duais nuair a léiríodh é ag féile dhrámaíochta i mBéal Feirste i 1913. Seacht ndráma ar fad a scríobh sí agus cuireadh i gcló iad i 1922. Faoin am sin, áfach, ba léir di nach raibh ag éirí léi mar dhrámadóir agus bhí éirithe as aici. I seanlochta féir taobh thiar d’óstán i mBun Abhann Dalla, é athchóirithe mar amharclann, a léiríodh a cuid drámaí go léir.

D’éag Margaret Dobbs ar 2 Eanáir 1962. Tá sí curtha i mBun Abhann Dalla. Tá cuntas fada uirthi ag Jack McCann sa bhliainiris The Glynns (1983).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú