Foilsíodh Máire De Buitléir: Bean Athbheochana, 1993 le Mairéad Ní Chinnéide. Bhain Ní Chinnéide úsáid as cnuasach páipéar a bhaineann le Máire sa Leabharlann Náisiúnta agus as cuimhní cinn a bhreac Máire agus atá i mainistir Saint Michel de Kergonan i bPlouharnel sa Bhriotáin, agus as foinsí eile chun an bheathaisnéis seo a scríobh.

Rugadh í i Sasana 28 Meitheamh 1873. Iníon í le Peter Lambert Butler, Bun na hAbha, Co. an Chláir, mac le tiarna talún, agua a bhean chéile Mary Anne Ryan, Seven Hills, an Astráil Theas. Ba í an duine ab óige de thriúr í. Col cúigir di ba ea Edward Carson—bhí aintín a hathar pósta ar athair Carson. I gColáiste Loreto, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, a thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge ó Sheán Ó hÓgáin, duine d’oifigigh an Chonartha a bhí ag múineadh Gaeilge go deonach ann. Chaith sí trí bliana i gColáiste Alexandra ina dhiaidh sin. Foilsíodh cnuasach gearrscéal léi, A Bundle of Rushes, in 1899. Bhí sí ina ball de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i dtús an chéid agus scríobh sí paimfléad dóibh, Irish women and the home language (1900). Gearrscéal i mBéarla ar an Independent aici, d’aistrigh Tomás Ó Concheanainn é agus d’fhoilsigh an Conradh é faoin teideal Blátha Bealtaine (1902). B’í Máire a d’aistrigh dráma an ChraoibhínAn Tincéar agus an tSidheog. D’aistrigh Máire Ní Shíthigh bundráma Mháire Kittie go Gaeilge agus foilsíodh ar an Independent é i Meitheamh agus Iúil 1902. I 1906 foilsíodh a húrscéal The Ring of Day. An athbheochan is ábhar dó.

Phós sí Tomás Ó Nualláin in Eaglais an Chroí Rónaofa, Domhnach Broc, Meán Fómhair 1907. Bhí iarracht déanta aigesean coláiste ar nós Scoil Éanna a bhunú. Bhí tamall fada caite aige ina nóibhíseach leis na Cistéirsigh agus ina ollamh le Laidin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (An Ollscoil Ríoga). A pháipéarsan a bhí á léamh ag an gcruinniú cinniúnach úd de Chumann Gaelach an Choláiste (27 Samhain 1908) nuair a tugadh le tuiscint don Chonradh go gcaithfidís troid go dian chun go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach le dul isteach in Ollscoil na hÉireann. Fuair sé bás i 1914.

An rud i dtaobh Mháire de Buitléar a mbeidh cuimhne air gurbh í a bhaist Sinn Féin ar pholasaí Airt Uí Ghríofa. Ba é rosc Chonradh na Gaeilge é agus bhí sé ann i bhfad rompusan. Ach ag scríobh dó ó Phríosún Mountjoy ar 12 Bealtaine 1921 dúirt an Gríofach faoi Mháire: ‘Did you know that it was she who christened this movement which has at last got Ireland out of the corner, in which her oppressor had hidden her away, and made her people again reliant? It was she who suggested the name “Sinn Féin” to me, one day at the end of 1904. Her name will be for ever linked with its history’ (The Voice of Ireland, 1924). Chuireadh sí eagar ar ‘Éire Óg’, litir do dhaoine óga in Young Ireland agus ba í a chuir an feachtas ar bun chun béilí a thabhairt saor in aisce i scoileanna an Iarthair. D’éag sí sa Róimh ar 27 Samhain 1920.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú