Toisc go mbíodh filleadh beag air a bhaist muintir Dhún Chaoin ‘Seán a’ Chóta’ ar Sheán óg Caomhánach. Ghlac sé Mac Murchú chuige féin níos deireanaí. Rugadh i mBaile na Rátha i nDún Chaoin é ar 7 Feabhra 1885. Ba mhac le Seán Caomhánach agus Máire de hÓra é agus deartháir le Muiris ‘Kruger’ Caomhánach agus leis an Ollamh Séamus Caomhánach. Fuair sé post mar mhúinteoir taistil i 1903. Timpeall 1911 chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath. Scríobhadh sé aistí in Sinn Féin faoin ainm cleite ‘Dubh Dorcha’ agus bhí sé cairdiúil le náisiúnaithe agus scríbhneoirí, Stiofán Mac Enna agus Piaras Béaslaí ina measc. Deir Earnán de Blaghd go raibh sé i mBráithreacht na Poblachta seal, ach faoin am a raibh sé ag cabhrú leis an mBlaghdach agus Deasún Mac Gearailt chun na hÓglaigh a eagrú i gCorca Dhuibhne bhí an cumann sin i ndiaidh ceiliúradh dó. ‘Óráidí greann-mhara maslacha’ a thugadh sé uaidh ag na cruinnithe, dar leis an mBlaghdach.

I 1914 d’imigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus d’fhan thall go dtí 1921 nó 1922. Liostáil sé sa Gharda Náisiúnta ann, d’oibrigh sé i longlann agus i muilte, agus chaith sé tamall ag obair i rainse i nDakota. Ar eachtraí a bhain dó a bhunaigh sé a úrscéal Fánaí. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn thaobhaigh sé leis na Poblachtánaigh agus chaith tamall i ngéibheann i Tintown. Chríochnaigh sé Fánaí le linn dó bheith ann agus bhíodh sé ag múineadh Gaeilge dá chomhphríosúnaigh. Foilsíodh Fánaí i 1927 ach deineadh gearán faoi shliocht amháin agus b’éigean é a chur amach arís i 1928 agus an sliocht sin bainte as. Cuireadh eagrán nua amach i 1989. Tá eolas faoi bheatha Shéain in ‘Scéal Úrscéil: Fánaí, Seán Óg Ó Caomhánaigh’ (Léachtaí Cholm Cille XIX: Litríocht na Gaeltachta, 1989) ach is leis an gcinsireacht a rinneadh ar an úrscéal sin is mó a bhaineann sé. Bhí eagarthóireacht déanta ag Seán ar Sailm Dháibhidh Bhedell i 1912 agus bhí seo le rá ag Pádraig Ó hÉalaí faoi Fánaí: ‘Cé gur údar mór ar Ghaelainn Dhún Chaoin ab ea Seán Ó Caomhánach féach nach í Gaelainn Dhún Chaoin atá againn sa leabhar seo cuid mhaith.... Bhí sé faoi anáil Ghaelainn Bhíobla Bedell’. (Céad bliain 1871–1971, 1973). Scríobh sé Briochtscéalta na hAráibe freisin. Chabhraigh sé leis an scoláire Francach Marie Louise Sjoestedt agus í ag déanamh staidéir ar Ghaeilge Chiarraí. B’é, freisin, a mhúin Gaeilge do Julius Pokorny. Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Naoimh Aindrias i mBaile Átha Cliath, agus i Scoil na mBuachaillí Másúnacha i gcomharbacht ar Sheán Ó Ruadháin. Dalta i gColáiste Naoimh Aindrias a bhí go mór faoina thionchar ba ea Dáithí Ó hUaithne. Dúirt seisean faoi: ‘Níor scoláire i n-ao’ chor é ach duine a fuair lántsaibhreas Gaelainne ó dhúchas agus a bhíodh ag cur leis an saibhreas san i gcónuí’ (Comhar, Márta 1947).

I 1935 d’iarr an Roinn Oideachais air focail agus abairtí Chiarraí a liostáil. I 1937 d’fhill sé ar Dhún Chaoin agus lean air ag bailiú go dtí 1942. Risteard Ó Foghludha a bhí ag cur eagair ar an obair seo. Breis agus dhá mhilliún focal atá ann ach níor foilsíodh é. D’éirigh idir Seán agus an Roinn faoi chúrsaí airgid ach thángthas ar réiteach agus fuair sé post mar eagarthóir cúnta ar an bhfoclóir nua a bhí á ullmhú ag an Dr Tomás de Bhaldraithe. Cailleadh é ar 16 Eanáir 1947.

Dúirt Stiofán Mac Enna faoi uair amháin: ‘He is an artist in life, not a creator, ... a type very different from Pearse’s idealist Gaelic peasant’. I gcuntas air i ndiaidh a bháis dúirt Tomás Mac Síthigh go raibh Seán ‘misniúil, spridiúil, preabúil, scópúil, fial, flaithiúil, fáilteach’. Is trua nár fhág sé rian a nádúir ar a scríbhinní. Ar nós a leithéidí níor éirigh leis an spleodar agus an draíocht a bhí ann a chur in iúl ina shaothar. Is mó is trua fós ná sin gan Boswell saothrach éigin ag coinneáil lena shálaí timpeall Chiarraí agus é ag bailiú na bhfocal.

Ina éagmais-sean is fiú go maith an cuntas taitneamhach ag Seán Ó Lúing in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 11 (1978) a léamh. Ar 27–29 Meán Fómhair 1985 bhí éigse ar siúl i nDún Chaoin mar chuimhne chéad bliain agus foilsíodh leabhrán le Seán Ó Lúing.

Chuir Tadhg Ó Dúshláine eagar ar Éist le Dubh Dorcha: cnuasach d’aistí (1991) le Seán óg Caomhánach. Foilsíodh Éist leis an gCóta: saothar foclóireachta Sheáin a’ Chóta á mheá agus á mheas (2001) le Niall Ó Brosnacháin. In Bliainiris7, 2007 tá an aiste ‘Éacht Foclóireachta Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh’ le Tracey Ní Mhaonaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ag http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú